Debate contribution: Irish Language Street Signage in Belfast
Debate contribution by Mr Patsy McGlone on .
- MLA
- Mr Patsy McGlone
- Party at the time
- Social Democratic and Labour Party
- Date
- 13 October 2025
- Type
- Debate contribution
- Business
- Private Members' Business
- Heading
- Irish Language Street Signage in Belfast
- Assembly identifier
- Official Report component 5176317
Read the official Assembly record
Text
Níl a fhios agam cé acu ar chóir an díospóireacht seo bheith ar cois i gComhairle Cathrach Bhéal Feirste nó anseo. Tá me cinéal idir eatarthu. Cibé, tá súil agam, an méid atá le rá agam go mbeidh sé oideachasúil. Tá an Ghaeilge ar cheann de na teangacha scríofa is sine san Eoraip, le fréamhacha ag síneadh siar níos mó ná 2,000. Tháinig sí chun cinn as an tSean-Ghaeilge a labhraítí in Éirinn, Albain agus Oileán Mhanann, a d’fhorbair ón Cheiltis a tháinig go hÉirinn timpeall 500 R.Ch. Le himeacht ama, d’fhorbair an Ghaeilge a cuid scríbhneoireachta féin, go háirithe leis an Ogham ón chúigiú haois ar aghaidh — an chéad chóras scríbhneoireachta dúchasach in iarthar na hEorpa. Le linn na Meánaoise, bhí an Ghaeilge ina teanga riaracháin, dlí agus léinn in Éirinn, agus d’imir sí tionchar suntasach ar theangacha eile, go háirithe ar Ghaeilge na hAlban agus ar an Mhanainnis. Tháinig meath uirthi tar éis an Choncais Angla-Normannaigh agus go háirithe le linn na 17ú agus 18ú haoiseanna, nuair a tháinig an Béarla i réim mar theanga an chumhachta, na trádála agus an oideachais, ar an drochuair. Mar sin féin, mhair an Ghaeilge mar theanga phobail i gceantair thuaithe agus i measc na ndaoine coitianta, ag coinneáil beo gné thábhachtach, gné iontach tábhachtach de chultúr, d’fhilíocht, d’amhránaíocht agus de shainfhéiniúlacht na hÉireann. I gcomhthéacs Thuaisceart Éireann, tá an Ghaeilge ina comhartha tábhachtach d’oidhreacht chomhroinnte agus d’aitheantas cultúrtha. Mo chultúr féin, rud atá comhroinnte le daoine eile agus le daoine ó chúlraí éagsúla. Cé gur cuireadh faoi chois í ar feadh tréimhsí fada, tá sí anois á hathbheochan tríd an oideachas, na meáin chumarsáide, ealaíon agus saol poiblí. Cuireann pobail Ghaeilge in áiteanna mar Bhéal Feirste agus Doire go mór leis an athfhás seo. Tá aitheantas oifigiúil don Ghaeilge i dTuaisceart Éireann anois mar chuid de na gealltanais faoi Chomhaontú Chill Rìmhinn (2006
Yes.
Go raibh maith agat. Thank you for that point. I would delight in hearing what percentage the DUP has proposed at Belfast City Council. I have searched for it, and I cannot find a percentage — 5, 4, 3, 2, 1, 0. All I have heard is mention of majority rule. Mar is eol dúinn uilig, ní oibríonn sin.
Mar a bhí mé a ra, tá aiteantas oifigiúil don Ghaeilge i dTuaisceart Éireann anois mar chuid de na gealltanais faoi Chomhaontú Chill Rìmhinn (2006) agus na socruithe deireanacha faoin Identity and Language (Northern Ireland) Act 2022. Tugann an reachtaíocht sin creat don chomhionannas teanga, don rochtain ar sheirbhísí trí Ghaeilge, agus do chead don phobal a bhféiniúlacht Ghaelach a chur in iúl go poiblí. Tá níos mó i gceist leis an Ghaeilge ná teanga amháin, nó is siombail bheo í de leanúnachas stairiúil, cultúrtha agus spioradálta an oileáin. Trína cur chun cinn agus trí áiseanna córa a chur ar fáil di i dTuaisceart Éireann, aithnítear ní hé amháin teanga ársa, teanga an-ársa mar atá léirithe agam, ach cuid dhílis de chomhthéacs comhaimseartha agus todhchaí chomhchoiteanta na ndaoine uile ar an oileán. Ar ndóigh níl mé ag tacú leis an mholadh ach arís eile, iarraim ar dhaoine a ghabháil agus bheith ag foghlaim na teanga agus foghlaim cúlra na teanga, agus feicfear go bhfuil cuid spéise inti do gach aon duine. An t-iolrachas cultúir agus an cóimheas, sin iad na dóigheanna ar féidir linn cónaí le chéile agus meas a bheith againn ar a chéile.
568 words. Text as published by the Northern Ireland Assembly.
Assessment
Jev’s structured answers met the documented threshold for “not flagged”.
- Overall probability that the activity is being used to promote, exploit or escalate an identity-based controversy: 0.30 (flagging needs at least 0.70; at or below 0.30 is not flagged).
- Criteria met: Cultural grievance politics (0.68).
- No identity-based framing was identified (0.89).
- Subject area: Irish language, Ulster-Scots and language policy.
- The overall probability was at or below the not-flagging threshold.
This is an AI-generated assessment of the text, made against published criteria. It is not a finding of fact about the MLA or their intentions. The Assembly record itself is the fact.
Jev’s structured answers
| Question | Probability | Met? |
|---|---|---|
| Identity framing | 0.27 | No |
| Sectarian or communal antagonism | 0.03 | No |
| Cultural grievance politics | 0.68 | Yes |
| Dog-whistle messaging | 0.06 | No |
| Controversy escalation | 0.32 | No |
| Legitimate policy scrutiny | 0.36 | No |
| Overall judgement | 0.30 | At or below not-flagging threshold |
| Option | Probability |
|---|---|
| No identity-based framing (chosen) | 0.89 |
| Reports or questions it | 0.04 |
| Criticises or condemns it | 0.02 |
| Adopts it | 0.05 |
| Subject | Probability |
|---|---|
| Irish language, Ulster-Scots and language policy | 1.00 |
| No identity-related subject | 0.00 |
| Flags, emblems, symbols, names and memorials | 0.00 |
| Parades, bonfires and commemorations | 0.00 |
| Sport (including the GAA), the arts and cultural bodies | 0.00 |
Assessed 21 October 2026 at 13:30 UTC by jev-1.13.0 (requested as typesafe/jev) under rubric 2026.10-r9, methodology 1.9.
Disagree with this assessment?
Classifications can be challenged. A person reads every challenge, and any change is recorded publicly above with its reason.