Member's statement: Lá Idirnáisiúnta Coimeádaithe Síochána na Náisiún Aontaithe

Member's statement by Mr Maolíosa McHugh on .

MLA
Mr Maolíosa McHugh
Party at the time
Sinn Féin
Date
2 June 2026
Type
Member's statement
Business
Members' Statements
Heading
Lá Idirnáisiúnta Coimeádaithe Síochána na Náisiún Aontaithe
Assembly identifier
Official Report component 5583893

Text

Rinne muid Lá Idirnáisiúnta Coimeádaithe Síochána na Náisiún Aontaithe a cheiliúradh Dé hAoine seo caite. Athdhearbhaimid an lá sin ár dtiomantas do bheith ag infheistiú sa tsíocháin, arbh é téama an lae idirnáisiúnta i mbliana é. Rinne muid Lá Domhanda na Croise Deirge agus an Chorráin Dheirg a chomóradh tá cúpla seachtain ó shin. Is den chuibheas é aitheantas, urraim agus moladh a thabhairt do na daoine sin a théann sa bhearna bhaoil le daoine a chosaint, ach ní fiú a dhath iad na laethanta comórtha céanna má thugaimid neamhaird ar a bhfuil ag tarlú do choimeádaithe síochána. Rinneadh ionsaithe ón aer agus ón talamh ar áiseanna daonnúla in Gaza, bhuail siad in aice le stórais de chuid na Náisiún Aontaithe agus cuireadh feithiclí fóirithinte ó mhaith. Scriosadh otharcharranna na n-oibrithe sláinte agus na bhfreagróirí éigeandála san Iaráin, agus rinnneadh damáiste dá mbunáiteanna. Ní taismí tragóideacha iad sin ach cuid d’fheachtas iad ina ndéantar na daoine sin a chosnaíonn dínit an duine a aimsiú d’aonturas. Tá coicís ó shin tháinig Iosrael roimh chabhlachán lóin a bhí ag tabhairt cabhrach go Gaza. Rinneadh 428 de na rannpháirtithe a fhuadach, agus chuaigh Itamar Ben-Gvir a mhagadh fúthu. Is léir ó na gníomhartha sin go bhfuil stát Iosrael beag beann ar an dlí idirnáisiúnta agus ar údarás an phobail idirnáisiúnta. Beidh tuigbheáil ag muintir an oileáin s’againn do théama na bliana seo — ag infheistiú sa tsíocháin. Is ar an idirphlé agus ar an tacaíocht idirnáisiúnta atá an próiseas s’againne féin na síochána bunaithe. Ar an lá seo, gabhaimid ár mbuíochas leo siúd a théann in araicis na contúirte le daoine a chosaint agus atá ag obair ar son na síochána buaine.

279 words. Text as published by the Northern Ireland Assembly.

Assessment

Awaiting analysis

This record has not been analysed yet. It is not counted in any total until it has been assessed.

Disagree with this assessment?

Classifications can be challenged. A person reviews every challenge, and any change is recorded publicly above with its reason.

Challenge this classification