Member's statement: Nakba
Member's statement by Mr Declan Kearney on .
- MLA
- Mr Declan Kearney
- Party at the time
- Sinn Féin
- Date
- 19 May 2026
- Type
- Member's statement
- Business
- Members' Statements
- Heading
- Nakba
- Assembly identifier
- Official Report component 5549136
Read the official Assembly record
Text
Rinne Palaistínigh ar fud an domhain an Nakba a chomóradh Dé Aoine seo a chuaigh thart. Is "Nakba" an focal Araibise ar "thubaiste". Is mar sin a chuireann na Palaistínigh síos ar an ghlanadh eitneach a rinneadh orthu óna dtír féin sa bhliain 1948. Sa tréimhse sin cuireadh níos mó ná 750,000 duine as seilbh agus maraíodh níos mó ná 15,000 Palaistíneach. Baintear úsáid as an fhocal Nakba inniu le cur síos ar an díláithriú agus ar an ghéarleanúint atáthar a dhéanamh ar mhuintir na Palaistíne faoi láthair. Ó bunaíodh stát Iosrael sa bhliain 1948, tá lonnaíochtaí mídhleathacha Iosraelacha á leathnú gan stad gan staonadh ar an Bhruach Thiar. Tá Gaza scriosta, agus tá a mhuintir faoi chinedhíothú agus faoi ghlanadh eitneach leanúnach. Go spreaga comóradh seo an Nakba an pobal idirnáisiúnta é féin a eagrú i gcoinne coireanna Iosrael in aghaidh na daonnachta. Ná cuirimis fiacail ann. Tá forghabháil Iosrael agus a ghníomhartha ag sárú an dlí idirnáisiúnta. D’eisigh an Chúirt Choiriúil Idirnáisiúnta barántais ghabhála ar Benjamin Netanyahu agus ar dhaoine eile ag cur coireanna cogaidh agus coireanna in aghaidh na daonnachta ina leith. Thoiligh an tAontas Eorpach an tseachtain seo a chuaigh thart smachtbhannaí a chur ar lonnaitheoirí mídhleathacha i ndiaidh blianta de bhrú ón phobal agus ó pholaiteoirí. Ach caithfidh an tAontas Eorpach níos mó a dhéanamh. Caithfidh sé Iosrael a leithlisiú go hiomlán. Caithfear trádbhaic arm a chur i bhfeidhm. Ba cheart deireadh a chur leis an chomhaontú comhlachais idir an tAontas Eorpach agus Iosrael. Tá sé thar am baghcat, dífheistiú agus smachtbhannaí cuimsitheacha a chur i bhfeidhm.
262 words. Text as published by the Northern Ireland Assembly.
Assessment
Awaiting analysis
This record has not been analysed yet. It is not counted in any total until it has been assessed.
Disagree with this assessment?
Classifications can be challenged. A person reviews every challenge, and any change is recorded publicly above with its reason.