Member's statement: Tuairisc Ollscoil na Ríona: 'Éire aontaithe: Deis chlaochlaitheach don Ghaeilge agus don Ghaeltacht'
Member's statement by Ms Aisling Reilly on .
- MLA
- Ms Aisling Reilly
- Party at the time
- Sinn Féin
- Date
- 5 May 2026
- Type
- Member's statement (made as a minister)
- Business
- Members' Statements
- Heading
- Tuairisc Ollscoil na Ríona: 'Éire aontaithe: Deis chlaochlaitheach don Ghaeilge agus don Ghaeltacht'
- Assembly identifier
- Official Report component 5524333
Read the official Assembly record
Text
Seolfar tionscadal taighde in Ollscoil na Banríona inniu, dar teideal Éire aontaithe: Deis chlaochlaitheach don Ghaeilge agus don Ghaeltacht. Tharla go bhfuil práinn agus fuinneamh leis an díospóireacht ar athaontú na hÉireann, tá tábhacht ar leith le tionscadail taighde den chineál sin, nó is ar a leithéid de thaighde a thógfar an Éire nua. Tá an tionscadal taighde seo thar a bheith ábhartha, nó chíonn muid an bealach a bhfuil an Ghaeilge ag dul agus go bhfuil an Ghaelscolaíocht ag fás léi. Lena chois sin, is léir ó fhigiúirí an daonáirimh an méadú atá ag teacht ar líon na nGaelgeoirí ar fud an oileáin. Tá ár dteanga ag dul chun cinn in ainneoin na n-ionsaithe atá á ndéanamh uirthi sna Sé Chontae agus sa tSeomra seo, in ainneoin an bhéalghrá a thugtar di sna Sé Chontae is Fiche agus in ainneoin ghéarchéim na nGaeltachtaí. Tá pobal na Gaeilge ag fás leis, agus tá fuinneamh agus dóchas ann. Ina theannta sin, tá sé réidh le páirt a ghlacadh sa díospóireacht ar an athrú bhunreachtúil ar an oileán seo. Molaim Róisín as dul i gceann an taighde seo agus as a chur i gcrích. Tá mé ag dúil go mór leis an tuairisc a léamh agus leis na torthaí a phlé. Is linn uilig an teanga. Ceanglaíonn sí den tír muid, ó thaobh staire agus cultúir de, inár logainmneacha agus inár sloinnte. Cruthaíonn sí an domhan mórthimpeall orainn. Mhúnlaigh an Ghaeilge an stair againn; tá an saol san am i láthair á mhúnlú aici, agus déanfaidh sí amhlaidh san am atá romhainn. Is linne uilig an Ghaeilge. Is linne uilig Éire nua athaontaithe.
271 words. Text as published by the Northern Ireland Assembly.
Assessment
Awaiting analysis
This record has not been analysed yet. It is not counted in any total until it has been assessed.
Disagree with this assessment?
Classifications can be challenged. A person reviews every challenge, and any change is recorded publicly above with its reason.