Member's statement: Beartas Gaeilge: Comhairle Cathrach Bhéal Feirste

Member's statement by Mr Colm Gildernew on .

MLA
Mr Colm Gildernew
Party at the time
Sinn Féin
Date
27 April 2026
Type
Member's statement
Business
Members' Statements
Heading
Beartas Gaeilge: Comhairle Cathrach Bhéal Feirste
Assembly identifier
Official Report component 5508125

Text

I will speak in Irish this afternoon. Members may wish to use their headphones. Dhiúltaigh breitheamh Ard-Chúirte d’agóid in aghaidh bheartas Gaeilge Chomhairle Cathrach Bhéal Feirste an tseachtain seo caite. Theip ar iarracht na seachtaine seo caite cosc a chur ar an dul chun cinn. Teipfidh ar iarrachtaí le cosc a chur ar an chomhionannas, agus teipfidh ar iarrachtaí muid a tharraingt ar gcúl. Glacadh an cinneadh ceart, agus is geal liom an cinneadh céanna. Caithfear comhionannas don Ghaeilge a chur i bhfeidhm; níor chóir bac a chur leis. Tá an Ghaeilge ag borradh léi ar fud an oileáin, agus caithfear reachtaíocht agus beartais bheith i bhfeidhm le tacú leis an bhorradh sin agus leis an Ghaeilge a chothú. Is féidir le Comhairle Cathrach Bhéal Feirste an beartas nua Gaeilge aici a chur chun feidhme anois agus a chinntiú go dtabharfar cothrom na Féinne don Ghaeilge mar theanga oifigiúil na comhairle agus go ndéanfar í a thaispeáint agus go mbeidh sí le sonrú i seirbhísí agus i gcomharthaíocht ar fud na comhairle. Tá mé ag tnúth lenár dteanga a fheiceáil in úsáid agus á taispeáint sa chathair seo in aicearracht. Bhí díomá orm gur idirghabh an tAire Pobail sa chás úd, i ndiaidh go bhfuil sé de dhualgas air tacú leis an Ghaeilge a chur chun cinn agus a fhorbairt. In ionad iarracht a dhéanamh an Ghaeilge a chur faoi chois, ba chóir don Aire a aird a dhíriú ar straitéis Gaeilge a chur i bhfeidhm gan a thuilleadh moille. Tá coicís ó shin sa tSeomra seo, chomhaontaigh muid le Bille Gaelscolaíochta a chur ar aghaidh tríd an Dara Céim, Bille a thug mo chomhghleacaí, Pat Sheehan, isteach; Bille lena chinnteofar go mbeidh na múinteoirí agus an fhoireann ann le tacú le fás na Gaelscolaíochta.

295 words. Text as published by the Northern Ireland Assembly.

Assessment

Awaiting analysis

This record has not been analysed yet. It is not counted in any total until it has been assessed.

Disagree with this assessment?

Classifications can be challenged. A person reviews every challenge, and any change is recorded publicly above with its reason.

Challenge this classification