Member's statement: Lá an Domhain

Member's statement by Mr Colm Gildernew on .

MLA
Mr Colm Gildernew
Party at the time
Sinn Féin
Date
21 April 2026
Type
Member's statement
Business
Members' Statements
Heading
Lá an Domhain
Assembly identifier
Official Report component 5497481

Text

Ár gCumhacht, Ar bPlainéad is téama do Lá an Domhain amárach. Spreagann sé gach duine lena ról féin a imirt i bhforbairt ár gcomhshaoil. Tá ról ríthábhachtach ag an Tionól i gcur chun cinn an chomhshaoil. Ní mór dúinn a chinntiú go gcomhlíontar spriocanna glan-nialasachta leis an chomhshaol a chosaint agus le dul i ngleic leis an athrú aeráide. Ní ghlacfar leis an tséanadh ná leis an easpa gníomhaíochta. Ní thig coinneáil linn bheith ag brath ar bhreoslaí iontaise, mar is léir ó na géarchéimeanna sa pholaitíocht agus san eacnamaíocht ar fud an domhain. Má bhí gá riamh le hinfheistíocht i straitéisí fuinnimh ghlais inbhuanaithe, lena n-áirítear scileanna glasa agus tionscadail in-athnuaite uile-oileáin, amhail gaoth amach ón chósta, tá gá práinneach léi anois. Is maith is eol dúinn uilig go bhfuil bithéagsúlacht agus folláine éiceolaíoch Loch nEachach faoi bhagairt thubaisteach. Is cúis imní iad na tuairiscí deireanacha ar an alga ghormghlas ar loch an Bhréantair i mo cheantar. Má thig tú ar rud a shíleann tú go mb’fhéidir gur alga gormghlas é, déan é a thuairisciú tríd an aip Bloomin Algae nó tríd an Ghníomhaireacht Comhshaoil. Tá cosaint, tacaíocht agus cothabháil ár n-uisce ríthábhachtach dár ngeilleagar agus dár bhfolláine. Molaim gach duine a d'eagraigh agus a ghlac páirt in imeachtaí Lá an Domhain ar fud an oileáin le seachtain anuas.

220 words. Text as published by the Northern Ireland Assembly.

Assessment

Awaiting analysis

This record has not been analysed yet. It is not counted in any total until it has been assessed.

Disagree with this assessment?

Classifications can be challenged. A person reviews every challenge, and any change is recorded publicly above with its reason.

Challenge this classification