Member's statement: Mí na Feasachta ar an Strus
Member's statement by Mr Maolíosa McHugh on .
- MLA
- Mr Maolíosa McHugh
- Party at the time
- Sinn Féin
- Date
- 20 April 2026
- Type
- Member's statement
- Business
- Members' Statements
- Heading
- Mí na Feasachta ar an Strus
- Assembly identifier
- Official Report component 5493207
Read the official Assembly record
Text
Mí na Feasachta ar an Strus an mhí seo. Tugtar deis dúinn lena linn sos a ghlacadh agus ár machnamh a dhéanamh ar na gnéithe is strusmhaire inár saol agus aghaidh a thabhairt ar bhainistiú na strus sin. Is é téama mhí na feasachta i mbliana "Déan thusa an tAthrach". Spreagtar daoine le laghdú ar an strus trí theorainneacha a shuí, sosanna a ghlacadh agus nósanna sláintiúla a bhunú. Molaim do gach duine aird a thabhairt ar na céimeanna sin agus úsáid a bhaint astu. Tá sé tábhachtach againn, sa tSeomra seo, mar lucht déanta beartas agus mar ionadaithe tofa, a aithint gur féidir linne bheith mar chuid den athrú sin. Is minic struis airgeadais na struis is troime a chuireann ar dhaoine. Goilleann an ghéarchéim sa chostas maireachtála ar gach duine, agus tá go leor teaghlach ag streachailt le greim a choinneáil faoin fhiacail. Ba mhasla é an t-airgead a thairg Rialtas na Breataine an mhí seo caite do theaghlaigh atá ag streachailt le díol as ola téite baile. Ní riarfaidh sé ar riachtanais na ndaoine ná ar leath a riachtanas. Is ionadaithe tofa sinn. Mar sin de, caithfimid a bheith ag obair i gcomhar, leis an ualach atá ar ár dtoghthóirí a éadtromú. Ní mór dúinn bheith aireach ar ár struis féin fosta, pé acu struis phearsanta, struis oibre nó struis airgeadais iad. Caithfidh gach duine againn an t-am a ghlacadh lenár struis féin a aithint agus le dul i ngleic leo sa dóigh is go dtig linn bheith ar theann ár ndíchill.
255 words. Text as published by the Northern Ireland Assembly.
Assessment
Awaiting analysis
This record has not been analysed yet. It is not counted in any total until it has been assessed.
Disagree with this assessment?
Classifications can be challenged. A person reviews every challenge, and any change is recorded publicly above with its reason.