Debate contribution: Irish-medium Education (Workforce Plan) Bill: Second Stage
Debate contribution by Ms Aisling Reilly on .
- MLA
- Ms Aisling Reilly
- Party at the time
- Sinn Féin
- Date
- 14 April 2026
- Type
- Debate contribution
- Business
- Private Members' Business
- Heading
- Irish-medium Education (Workforce Plan) Bill: Second Stage
- Assembly identifier
- Official Report component 5482183
Read the official Assembly record
Text
Before I start my speech, I take the opportunity — the first that I have had — to welcome Julie to the House. I congratulate her on her new role. I wish Gary and your family the very best on what must be a very difficult path. We are thinking about you and Gary. I look forward to working with you. Tá áthas an domhain orm tacú leis an Bhille atá á mholadh ag mo chomhghleacaí, Pat Sheehan. Cad é croí an ábhair seo? Tá, gur rud an-bhunúsach ach an-tábhachtach é an bille seo. Bille a bhaineann le rud simplí amháin agus is é sin an phleanáil. B’fhéidir go gcuireann an fás faoin Ghaelscolaíocht iontas ar chuid de na daoine, ach ní chuireann sé lá iontais ormsa. Tá athbheochan, paisean agus grá don teanga amuigh ansin. Is é an rud a deirtear agus a iarrtar sa Bhille seo ar an Roinn Oideachais ná go gcaithfidh sé coiscéim a choinneáil linn. Leagann an Bille dualgas dlí ar an Roinn a machnamh a dhéanamh, breathnú ar an éileamh atá ann, agus a chinntiú go bhfuil an lucht oibre againn le freastal air. Ní hamháin anois, ach as seo amach sna blianta atá romhainn. Ar ndóigh, baineann sé sin le múinteoirí. Ach tá i bhfad níos mó ná sin i gceist agus tá sé tábhachtach sin a lua. Baineann sé le cúntóirí ranga. Baineann sé le hoibrithe luathbhlianta. Baineann sé le foireann tacaíochta, le soláthar riachtanas speisialta oideachais, le síceolaithe oideachais, agus le gach duine a bhfuil ról acu in oideachas ár bpáistí. Tá a fhios ag gach aon duine a bhfuil eolas acu ar an earnáil nach ar mhúinteoirí amháin a fheidhmíonn scoileanna. Is ar fhoirne a fheidhmíonn siad; is ar phobail a fheidhmíonn siad; agus is orthu sin atá an Ghaelscolaíocht bunaithe. Tá sí bunaithe ar phaisean. Tá sí bunaithe ar fhuinneamh. Tá sí bunaithe ar dhaoine a chreideann go láidir go bhfuil luach agus fiúntas inár dteanga. Sin an bonn ar cruthaíodh an earnáil agus an Gaeloideachas air. An rud atá de dhíth ar an earnáil anois ná tacaíocht fhiúntach le cur leis an fhás sin. Tá an t-éileamh ann. Fíor-éileamh atá ann agus tá sé ag méadú go gasta. Tá an fás sin le feiceáil go soiléir, nó tarraingníodh aird sna meáin ar na mallaibh go bhfuil fás 400% ann i líon na bpáistí atá ag freastal ar an Ghaeloideachas ó 2001 a bhí ann. Ní fás suarach é sin, ní hea, ach forbairt ollmhór. Taobh thiar de na huimhreacha sin tá tuismitheoirí agus teaghlaigh a roghnaigh an Ghaelscolaíocht dá bpáistí. Mar is eol daoibh uile anseo, mar gur luaigh mé roimhe — agus tá mé fíorbhródúil as —gur tháinig mise mé féin tríd an Ghaelscolaíocht. D’fhreastail mé ar an naíscoil, chuaigh mé go Bunscoil Phobal Feirste, agus ansin ar aghaidh go Coláiste Feirste. Nuair a d’fhreastail mé ar Choláiste Feirste, bhí thart ar 350 againn ann. Tá breis is 1,000 dalta ag freastal ar an scoil chéanna inniu. Tá an scoil lán go doras. Ní háibhéil ar bith sin. Tá sí ag borradh léi, rud a léiríonn go bhfuil gá leis an dara campas. Is léir uaidh sin gur sin an bealach a bhfuil an earnáil ag dul. D’oibrigh mo mhamaí mar chúntóir ranga i mBunscoil an tSléibhe Dhuibh ar Bhóthar na Carraige Báine. Tá mo dheirfiúr ag obair mar chúntóir ranga riachtanas speisialta oideachais anois ar Bhóthar Seoighe. Tá cairde de mo chuid ag obair mar mhúinteoirí i naíscoileanna, i mbunscoileanna agus i meánscoileanna. Tá siad mar chuid de ghluaiseacht atá ag tacú le páistí, ag tacú le teaghlaigh, agus ag neartú ár dteanga lá i ndiaidh lae. Mar sin de, nuair a labhraímid faoi phleanáil lucht oibre, táimid ag neartú na hearnála, táimig ag neartu na n-oibrithe agus na ndaltaí. Táimid ag caint faoina chinntiú go mbeidh na deiseanna céanna ag an chéad ghlúin eile de pháistí a thiocfas isteach sa Ghaelscolaíocht. Aithnítear sa Bhille seo an rath atá ar an Ghaelscolaíocht agus tacaíonn sé leis. Cinnteofar leis nach gcuirfidh an easpa pleanála cúl ar an fhás. Tá teachtaireacht shoiléir chugainn ann nach athsmaoineamh í an Ghaelscolaíocht. Is cuid ríthábhachtach dár gcóras oideachais í atá ag fás léi, agus a bhfuil cothrom na Féinne tuillte aici. Mar sin de, tacaím leis an Bhille, agus impím ar Chomhaltaí tacú leis chomh maith.
725 words. Text as published by the Northern Ireland Assembly.
Assessment
Awaiting analysis
This record has not been analysed yet. It is not counted in any total until it has been assessed.
Disagree with this assessment?
Classifications can be challenged. A person reviews every challenge, and any change is recorded publicly above with its reason.