Member's statement: Leithcheal Ar Mhoslamaigh
Member's statement by Mr Maolíosa McHugh on .
- MLA
- Mr Maolíosa McHugh
- Party at the time
- Sinn Féin
- Date
- 24 March 2026
- Type
- Member's statement
- Business
- Members' Statements
- Heading
- Leithcheal Ar Mhoslamaigh
- Assembly identifier
- Official Report component 5462733
Read the official Assembly record
Text
Bhí an Lá Idirnáisiúnta leis an Ioslamafóibe a Chomhrac agus an Lá Idirnáisiúnta um Idirdhealú Ciníoch a Dhíothú ann an steachtain seo caite. Is cúis imní dúinn go bhfuil líon na gcoireanna fuatha in aghaidh Moslamach ag ardú ar fud an domhain. Léirítear i bhfigiúirí a tháinig amach le déanaí go bhfuil Moslamaigh ar cheann de na grúpaí is minice a ndéantar ionsaithe fuatha ar bhonn reiligiúin orthu ar fud na hEorpa. Cuimhnímis nach staitisticí atá i gceist ach íobartaigh atá ag fulaingt: ní féidir cur suas le hionsaithe ar theaghlaigh mar gheall ar a gcreideamh. Agus an saol corrach atá inniu ann — tá an teannas sa Mheánoirthear ag gabháil chun donais agus tá Gaza á scrios go fóill — caithfimid bheith ar ár bhfaichill ar an réamhchlaonadh agus ar an naimhdeas le daoine mar gheall ar a gcreideamh nó a gcúlra. Níl mionlaigh ciontach as an ghéarchéim sa chostas maireachtála, agus na daoine sin a deir a mhalairt, caithfear iad a bhréagnú gach am is gach áit. Déanann daoine ón iomad cultúr, creideamh agus traidisiún, déanann sin pobail na hÉireann a shaibhriú; cuireann siad go mór lenár sochaí — go díreach mar a chuireann na hÉireannaigh le pobail eile ar fud an domhain. Nuair a rinneadh ionsaithe ciníocha ar mhionlaigh ar na samhraí deireanacha anseo, sheas gnáthdhaoine gualainn má gualainn leis na híobartaigh. Níl aon áit ag an ioslamafóibe inár bpobail. Níl aon áit ag an chiníochas ná ag an leithcheal¬ — an frith-sheimíteachas, an homafóibe nó an fuath ar mhná ¬ — sna pobail s’againne. Cuimhníonn na laetha idirnáisiúnta seo dúinn gur saibhre an tsochaí againn de thairbhe na héagsúlachta. Tá páirt le himirt againn go léir leis an chaoinfhulaingt agus an urraim a chothú ar fud na hÉireann. Nuair a sheasaimid le chéile i gcoinne an chiníochais, tógfaimid todhchaí dhearfach fhorásach. Bhí deireadh le Ramadan agus le féile Eid al-Fitr Déardaoin seo caite. Mar sin de, tapaím an deis seo le "Eid Mubarak" a ghuí do dhaoine Moslamacha ar fud na hÉireann.
336 words. Text as published by the Northern Ireland Assembly.
Assessment
Awaiting analysis
This record has not been analysed yet. It is not counted in any total until it has been assessed.
Disagree with this assessment?
Classifications can be challenged. A person reviews every challenge, and any change is recorded publicly above with its reason.