Member's statement: An tSeachtain um Fheasacht Meabhairshláinte
Member's statement by Mr Pat Sheehan on .
- MLA
- Mr Pat Sheehan
- Party at the time
- Sinn Féin
- Date
- 10 March 2026
- Type
- Member's statement
- Business
- Members' Statements
- Heading
- An tSeachtain um Fheasacht Meabhairshláinte
- Assembly identifier
- Official Report component 5436060
Read the official Assembly record
Text
Tugtar deis dúinn leis an tSeachtain um Fheasacht Meabhairshláinte aird a dhíriú ar an ghníomh phráinneach atá de dhíth lena chinntiú go gcuirtear a ndotháin acmhainní ar fáil do na seirbhísí meabhairshláinte, agus do na seirbhísí tacaíochta a chuidíonn leo, le freastal ar an éileamh. Tá obair iontach á déanamh ag grúpaí agus ag carthanais agus iad ag cur tearmann agus spás sábháilte ar fáil do gach duine. Tacaíonn sin le meabhairshláinte na ndaoine, téann sé chun a leasa, agus cothaíonn sé an muintearas agus an dáimh ba chóir bheith ann idir dhaoine. Ach tá a fhios againn go bhfuil géarghantannas oibrithe meabhairshláinte cáilithe ann le freastal ar an éileamh ar sheirbhísí — éileamh atá ag ardú leis. Ach in ainneoin a ndíchill agus in ainneoin na hoibre iontaí atá na heagraíochtaí sin a dhéanamh, is fadhb ollmhór é an féinmharú inár bpobail go fóill. Is é téama na seachtaine: "Gníomh: duit féin, do dhuine eile, dúinn uile". Ní hualach í an droch-mheabhairshláinte atá le hiompar ag aon duine amháin; tá tacaíocht an phobail chomh maith le cur chuige uilerialtais de dhíth. Tuairiscítear gur chuir 290 duine lámh ina mbás féin anseo sa bhliain 2024. Is scanrúil an figiúr é sin. Is féidir teacht roimh na básanna sin, ach daoine an tacaíocht agus an cuidiú cuí a fháil. De na daoine sin a chuir lámh ina mbás féin, meastar go raibh 70% acu gan aon bhaint ghníomhach a bheith acu leis na seirbhísí meabhairshláinte. Is é an chéad chéim le leas a bhaint as na seirbhísí sin ná labhairt faoinár meabhairshláinte, cúnamh a iarraidh, agus ár smaointe agus ár mothúcháin a ligean le duine éigin. Cuirim fáilte roimh an fhógra go mbeidh fiosrúchán traspháirtí ann ar an dóigh a ndéantar maoiniú ar sheirbhísí um fhéinmharú a chosc sa Tuaisceart. Tá súil agam go gcuideoidh torthaí an fhiosrúcháin linn ár n-aird agus ár n-iarrachtaí a dhíriú d’fhonn torthaí dearfacha meabhairshláinte a bhaint amach feasta.
323 words. Text as published by the Northern Ireland Assembly.
Assessment
Jev’s structured answers met the documented threshold for “not flagged”.
- Overall probability that the activity is being used to promote, exploit or escalate an identity-based controversy: 0.03 (flagging needs at least 0.70; at or below 0.30 is not flagged).
- None of the five culture-war criteria was met (each was below 0.60).
- Assessed as legitimate policy scrutiny (0.89).
- No identity-based framing was identified (1.00).
- Subject area: Disability (including neurodivergence and mental health), disabled people and disability or sickness benefits.
- The overall probability was at or below the not-flagging threshold.
This is an AI-generated assessment of the text, made against published criteria. It is not a finding of fact about the MLA or their intentions. The Assembly record itself is the fact.
Jev’s structured answers
| Question | Probability | Met? |
|---|---|---|
| Identity framing | 0.03 | No |
| Sectarian or communal antagonism | 0.02 | No |
| Cultural grievance politics | 0.02 | No |
| Dog-whistle messaging | 0.02 | No |
| Controversy escalation | 0.02 | No |
| Legitimate policy scrutiny | 0.89 | Yes |
| Overall judgement | 0.03 | At or below not-flagging threshold |
| Option | Probability |
|---|---|
| No identity-based framing (chosen) | 1.00 |
| Reports or questions it | 0.00 |
| Criticises or condemns it | 0.00 |
| Adopts it | 0.00 |
| Subject | Probability |
|---|---|
| Disability (including neurodivergence and mental health), disabled people and disability or sickness benefits | 0.95 |
| No identity-related subject | 0.04 |
| Irish language, Ulster-Scots and language policy | 0.01 |
| Flags, emblems, symbols, names and memorials | 0.00 |
| Parades, bonfires and commemorations | 0.00 |
Assessed 21 October 2026 at 15:09 UTC by jev-1.13.0 (requested as typesafe/jev) under rubric 2026.10-r9, methodology 1.9.
Disagree with this assessment?
Classifications can be challenged. A person reads every challenge, and any change is recorded publicly above with its reason.