Member's statement: Lá Fhéile Padraig
Member's statement by Mr Maolíosa McHugh on .
- MLA
- Mr Maolíosa McHugh
- Party at the time
- Sinn Féin
- Date
- 16 March 2026
- Type
- Member's statement
- Business
- Members' Statements
- Heading
- Lá Fhéile Padraig
- Assembly identifier
- Official Report component 5448336
Read the official Assembly record
Text
Beidh Lá Fhéile Pádraig ann amárach. Lá ar a ndéanfar gach a mbaineann le hÉirinn a cheiliúradh ar fud an domhain. Beidh ár gcultúr, ár n-oidhreacht agus an tionchar atá againn ar fud an domhain á gceiliúradh i ngach cearn den chruinne. Ó Bhéal Feirste go Nua-Eabhrac agus ó Sydney go Chicago, beidh na milliúin daoine ag ceiliúradh Lá Fhéile Pádraig le mórshiúlta, le ceol agus le hócáidí. Cuimhníonn sé dúinn go láidir go bhfuil éifeacht dhomhanda ag cultúr na hÉireann agus go bhfuil bród ar dhaoine ar fud an domhain as a n-oidhreacht Éireannach. Beidh na milliúin daoine a mhothaíonn nasc le hÉirinn, trína nginealach nó tríd an mhéid a thug muid don domhan, beidh sin ag ceiliúradh ár n-oileáin. Beidh mórshiúl againn i lár chathair Bhéal Feirste, agus ina dhiaidh sin beidh Ceiliúradh Mór na Féile Pádraig ann. Tabharfaidh imeachtaí an lae amárach léargas dúinn ar an phléisiúr atá i ndán don chathair nuair a thiocfaidh an fhleadh sa tsamhradh, agus i samhradh na bliana seo chugainn fosta, nó d'fhógair Comhaltas Ceoltóirí Éireann go bhfillfidh an fhleadh ar Bhéal Feirste sa bhliain 2027. Molaim do gach duine páirt a ghlacadh sna himeachtaí áitiúla lenár gcultúr comhchoiteann, ár n-oidhreacht chomhchoiteann agus an éifeacht a rinne muid ar fud an domhain a cheiliúradh. Guím beannachtaí na Féile Pádraig daoibh go léir.
221 words. Text as published by the Northern Ireland Assembly.
Assessment
Awaiting analysis
This record has not been analysed yet. It is not counted in any total until it has been assessed.
Disagree with this assessment?
Classifications can be challenged. A person reviews every challenge, and any change is recorded publicly above with its reason.