Member's statement: Lá Domhanda na Leabhar

Member's statement by Mr Maolíosa McHugh on .

MLA
Mr Maolíosa McHugh
Party at the time
Sinn Féin
Date
9 March 2026
Type
Member's statement
Business
Members' Statements
Heading
Lá Domhanda na Leabhar
Assembly identifier
Official Report component 5452855

Text

Chuaigh páistí ar fud an domhain ar scoil Déardaoin seo caite agus iad gléasta mar na carachtair ab fhearr leo agus iad ag ceiliúradh Lá Domhanda na Leabhar. Ba é téama Lá Domhanda na Leabhar i mbliana "ag Léamh ar mhaithe le Pléisiúr", téama a roghnaíodh le dul i ngleic leis an mheath atá ag teacht ar an taitneamh a bhaineann daoine as an léitheoireacht. Tá an domhan ag éirí níos digití i rith an ama — mura bhfuil muid ag féachaint ar dhá scáileán ag an am chéanna táimid ag gruaimscrolláil — agus tá ár réise aire ag crapadh agus meirg ag teacht ar bhua na samhlaíochta againn dá réir. Níl rochtain ag gach páiste ar na seirbhísí sruthaithe ná ar ábhar ar líne, agus sin an fáth a bhfuil luach ar leith ag ár leabharlanna. Cuidíonn leabharlanna agus leabhair le cothrom na Féinne a chothú, trí rochtain saor in aisce ar scéalta, spásanna staidéir agus ábhair oideachais riachtanacha a thabhairt do pháistí atá faoi mhíbhuntáiste, rud a chinntíonn nach mbíonn deiseanna á gcúngú ag ioncam, gléasanna ná cúinsí baile. Is moil eolais iad leabharlanna. Is moil phobail iad agus is spásanna teo iad fosta i ngéarchéim costais maireachtála iad, agus spreagann siad an tsamhlaíocht. Thug Éire cuid scríbhneoirí iontacha don domhan, ní hé amhain i nGailege ach i mBéarla fosta: CS Lewis, James Joyce agus Seamus Heaney agus go leor, leor eile nach iad. Léiríonn a saothar a chumhachtaí atá focail. Tugann an litearthacht uirlisí do dhaoine a nguth agus a samhlaíocht féin a mhúnlú. I ré seo na scáileán, tá cumhacht ar leith ag baint le bheith ag léamh ar mhaithe le pléisiúr. Cuireann sé suaimhneas ionainn. Leathnaíonn sé ár n-intinn.

284 words. Text as published by the Northern Ireland Assembly.

Assessment

Awaiting analysis

This record has not been analysed yet. It is not counted in any total until it has been assessed.

Disagree with this assessment?

Classifications can be challenged. A person reviews every challenge, and any change is recorded publicly above with its reason.

Challenge this classification