Member's statement: Seachtain na Gaeilge 2026

Member's statement by Mr Gerry Carroll on .

MLA
Mr Gerry Carroll
Party at the time
People Before Profit Alliance
Date
9 March 2026
Type
Member's statement
Business
Members' Statements
Heading
Seachtain na Gaeilge 2026
Assembly identifier
Official Report component 5452850

Read the official Assembly record

Text

Tá Seachtain na Gaeilge 2026 faoi lán seoil. Is féile iontach í seo atá ag dul ó neart go neart. Tá na mílte imeachtaí ag tarlú ar fud na hÉireann. Tá rudaí ar siúl do gach aon duine: foghlaimeoirí, daoine gan Ghaeilge agus daoine óga. Is léiriú í ar fhás agus ar fhorbairt na Gaeilge. Tá níos mó daoine á labhairt, tá níos mó daoine á foghlaim, agus tá níos mó daoine ag cur suim inti. Tá pobal na teanga lán brí agus beochta. Guím gach rath ar na grúpaí ar fad atá ag eagrú imeachtaí idir anois agus Lá Fhéile Pádraig. Molaim do gach aon duine a bheith ag freastal ar imeachtaí le linn Sheachtain na Gaeilge. Más rud é nach raibh tú ar imeacht Gaeilge, gabh sa tseans. Buailfidh tú le pobal fáilteach, fíorchairdiúil. Tá scoth na n-imeachtaí ar siúl i mo cheantar féin. Tá gach sórt imeachta ar siúl sna hionaid Ghaeilge, amhail Raidió Fáilte, an Chultúrlann, Ionad Uíbh Eachach, Glór na Móna, Cumann Chluain Árd, Spórtlann na hÉireann, agus neart áiteanna eile. Molaim fosta na grúpaí eile atá ag cur spás ar fáil d’imeachtaí teanga mar chuid den fhéile seo. Bhí lá mór teaghlaigh i lár na cathrach fosta ag an deireadh seachtaine. Bhí mé ann anuraidh le mo chlann agus bhain muid an-sult as. Críochnóidh mé ar phointe polaitíochta: ceiliúradh atá i Seachtain na Gaeilge ach cur i gcuimhne atá ann chomh maith. Cuireann sí i gcuimhne dúinn go bhfuil freagracht ollmhór ar an stát freastal ceart a dhéanamh ar an teanga. Tá cearta, meas agus, thar aon rud eile, infheistíocht ag teastáil. Chan amháin go bhfuil na rudaí sin ag teastáil ach is fada thar am iad. Mar sin de, bainimis sult as Seachtain na Gaeilge. Cuirimis i gcuimhne dóibh siúd atá i gcumhacht go bhfuil ag teip orthu beart a dhéanamh de réir a mbriathair.

312 words. Text as published by the Northern Ireland Assembly.

Assessment

Not flagged

Jev’s structured answers met the documented threshold for “not flagged”.

  • Overall probability that the activity is being used to promote, exploit or escalate an identity-based controversy: 0.12 (flagging needs at least 0.70; at or below 0.30 is not flagged).
  • None of the five culture-war criteria was met (each was below 0.60).
  • No identity-based framing was identified (0.97).
  • Subject area: Irish language, Ulster-Scots and language policy.
  • The overall probability was at or below the not-flagging threshold.

This is an AI-generated assessment of the text, made against published criteria. It is not a finding of fact about the MLA or their intentions. The Assembly record itself is the fact.

Jev’s structured answers

Probability that each statement is true of this text (0 = no, 1 = yes). A criterion counts as met at 0.60 or above.
QuestionProbabilityMet?
Identity framing0.13No
Sectarian or communal antagonism0.02No
Cultural grievance politics0.41No
Dog-whistle messaging0.03No
Controversy escalation0.12No
Legitimate policy scrutiny0.29No
Overall judgement0.12At or below not-flagging threshold
Context and attribution (stance)
OptionProbability
No identity-based framing (chosen)0.97
Reports or questions it0.00
Criticises or condemns it0.01
Adopts it0.02
Subject area (top five)
SubjectProbability
Irish language, Ulster-Scots and language policy1.00
No identity-related subject0.00
Flags, emblems, symbols, names and memorials0.00
Parades, bonfires and commemorations0.00
Sport (including the GAA), the arts and cultural bodies0.00

Assessed 21 October 2026 at 15:03 UTC by jev-1.13.0 (requested as typesafe/jev) under rubric 2026.10-r9, methodology 1.9.

Disagree with this assessment?

Classifications can be challenged. A person reads every challenge, and any change is recorded publicly above with its reason.

Challenge this classification