Member's statement: Líofa: Scéim Sparánachtaí Gaeltachta

Member's statement by Ms Aisling Reilly on .

MLA
Ms Aisling Reilly
Party at the time
Sinn Féin
Date
24 February 2026
Type
Member's statement (made as a minister)
Business
Members' Statements
Heading
Líofa: Scéim Sparánachtaí Gaeltachta
Assembly identifier
Official Report component 5404069

Text

Tá scéim sparánachtaí Gaeltachta Líofa oscailte d’iarratais ó bhí an tseachtain seo caite ann. Bhunaigh mo chomhghleacaí, Carál Ní Chuilín, Aire Pobail ag an am, bhunaigh sí sparánachtaí Líofa sa bhliain 2012. Ó shin i leith, fuarthas breis agus 3,000 iarratas agus deonaíodh sparánachtaí do níos mó ná 1,100 duine. Is iontach go deo an t-athrú a rinne an scéim sin Líofa don iomad Gaeilgeoirí sna Sé Chontae, nó thug sí deis dóibh a gcuid eolais ar an teanga a fhorbairt agus a fheabhsú. Trí fhreastal ar chúrsaí Gaeltachta, bíonn faill ag rannpháirtithe iad féin a thumadh go hiomlán i bpobail Ghaeilge, i gcultúr na Gaeilge agus i spóirt Ghaeilge, rud a chothaíonn muinín agus líofacht. Tá líon na ndaoine ar fud ár bpobail atá ag foghlaim Gaeilge ag méadú leis, rud a chuireann lena beocht agus leis an athbheochan bhríomhar atá faoi lán seoil cheana féin. D’óstáil an chathair s’againn, Béal Feirste, sraith imeachtaí, agus tá tuilleadh le teacht. Bhí rath ar Oireachtas na Samhna, bhí Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge againn an tseachtain seo caite, agus táimid ag tnúth le Fleadh Cheoil na hÉireann i mBéal Feirste sa tsamhradh. Agus Seachtain na Gaeilge ag tosú an tseachtain seo chugainn, níl aon am is fearr le clárú le Líofa, leis an ghealltanas a thabhairt agus le hiarratas a dhéanamh ar sparánacht agus le hiarratas a dhéanamh le freastal ar chúrsa coláiste Gaeltachta. Mholfainn do dhaoine a chomhlíonann na critéir iarratas a chur isteach ar an scéim agus leas a bhaint as an tacaíocht atá ar fáil.

256 words. Text as published by the Northern Ireland Assembly.

Assessment

Awaiting analysis

This record has not been analysed yet. It is not counted in any total until it has been assessed.

Disagree with this assessment?

Classifications can be challenged. A person reviews every challenge, and any change is recorded publicly above with its reason.

Challenge this classification