Member's statement: An Lá Domhanda um Cheartas Sóisialta

Member's statement by Mr Declan Kearney on .

MLA
Mr Declan Kearney
Party at the time
Sinn Féin
Date
23 February 2026
Type
Member's statement
Business
Members' Statements
Heading
An Lá Domhanda um Cheartas Sóisialta
Assembly identifier
Official Report component 5399639

Text

Cuimhníonn an Lá Domhanda um Cheartas Sóisialta dúinn faoina thábhachtaí atá an tsíocháin dhomhanda, cearta an duine agus an lucht oibre, meas ar an dlí idirnáisiúnta, agus comhionannas eacnamaíochta. Tugtar deis dúinn lena linn ár machnamh a dhéanamh fosta ar a luaithe a chaitear na prionsabail sin i dtrapaisí nuair nach mbíonn srian ar an chumhacht. Ach inniu, tá an t-impiriúlachas, an comhéigean, an caipitleachas neamhrialaithe, an éagothroime eacnamaíochta agus bagairtí ar an cheannasaíocht ag baint faoi phrionsabail an cheartais shóisialta dhomhanda. Tá sin le feiceáil go soiléir sna hionsaithe atá na Stáit Aontaithe a dhéanamh ar Chúba — ionsaithe atá ag gabháil i ndéine i rith an ama. Is finscéal é an t-éileamh gur "bagairt os cionn na coitiantachta" é Cúba. Tá imshuí mídhleathach na Stát Aontaithe ar Chúba ag cur cruatan ar mhuintir Chúba le blianta fada anuas. Bhain sé faoi fholláine na ndaoine, nó cuireann sé srian leis an rochtain atá acu ar bhia, ar leigheas, ar chumhacht, agus ar bhonneagar riachtanach. Tá sin amhlaidh in ainneoin Cúba a bheith gairthe as tacaíocht leighis a thabhairt ar bhonn idirnáisiúnta. Déantar an ceartas sóisialta a chur ó mhaith nuair a thagann an chumhact in ionad an dlí, nó nuair a chuirtear pionós ar phobail iomlána, amhail san Úcráin, sa Phalaistín, sa Chongó nó sa tSúdáin. Thig le hÉirinn a bheith bródúil as an traidisún neodrachta agus neamh-chomhghuaillíochta atá aici. Caithfidh an neodracht fanacht mar bhunchloch faoi bheartas eachtrach na hÉireann. Ach ní hionann sin is a rá gur chóir dúinn fanacht inár dtost. Tá deis againn aghaidh a thabhairt ar an éagothroime maoine agus cearta oibrithe anseo sa bhaile. Tabharfar cumhacht dár n-oibrithe le reachtaíocht na ‘bpost maith’, feabhsófar a gcearta cómhargála dá tairbhe, agus cruthófar poist agus coinníollacha is fearr d’oibrithe agus dá dteaghlaigh fosta. Dá bhrí sin, ar Lá Domhanda um Cheartas Sóisialta, athdhearbhaímid ár dtiomantas don neodracht. Caithfimid cur i gcoinne gach cineál ionsaitheachta idirnáisiúnta agus dearbhaímid ár dtiomantas do chomhionannas eacnamaíochta agus do cheartas sóisialta do chách.

333 words. Text as published by the Northern Ireland Assembly.

Assessment

Awaiting analysis

This record has not been analysed yet. It is not counted in any total until it has been assessed.

Disagree with this assessment?

Classifications can be challenged. A person reviews every challenge, and any change is recorded publicly above with its reason.

Challenge this classification