Member's statement: Ard-fheis Chonradh na Gaeilge

Member's statement by Mr Declan Kearney on .

MLA
Mr Declan Kearney
Party at the time
Sinn Féin
Date
16 February 2026
Type
Member's statement
Business
Members' Statements
Heading
Ard-fheis Chonradh na Gaeilge
Assembly identifier
Official Report component 5391051

Text

Ba mhaith liom fearadh na fáilte a chur roimh ard-fheis Chonradh na Gaeilge i mBéal Feirste ag deireadh na seachtaine seo chugainn. Is mór againn gur roghnaíodh Béal Feirste le hArd-Fheis na bliana seo a óstáil, nó tá an chathair ar thús cadhnaíochta in athbheochan na Gaeilge. Choinnigh pobail i mBéal Feirste, agus pobail in áiteanna eile sna Sé Chontae, choinnigh sin an teanga beo in ainneoin cruatain, leatroim agus géarleanúna. Thóg muintir na cathrach seo Gaeltacht Bhóthar Seoighe. Thóg siad Gaelscoileanna, chruthaigh siad acmhainní agus d’fhorbair siad bonneagar nuair nach raibh a leithéid ann. Tá torthaí an tsaothair sin le feiceáil go soiléir inniu: tá an Ghaeilge faoi bhláth i ngach aon chearn de Bhéal Feirste. D’imir Conradh na Gaeilge ról lárnach in athbheochan na teanga ón bhliain 1893 go dtí an lá atá inniu ann. Neartaigh a fheachtais agus a dhíograis an Ghaeilge ar fud na hÉireann. Inniu, tá an t-aos óg chun tosaigh ag coinneáil brí agus fuinneamh faoi fhás na teanga. Is é ‘An Ghaeilge in Éirinn Aontaithe: Éire Nua a Thógáil do na Glúnta atá le Teacht’ téama ard-fheis na bliana seo. Is tráthúil tábhachtach an comhrá é, nó tá an mhian chuig Éirinn athaontaithe ag cruinniú nirt ar fud an oileáin.

Caithfidh Éire nua a bheith cuimsitheach. Caithfidh gach duine dá gcónaíonn inti a bheith páirteach ina dearadh. Beidh an Ghaeilge lárnach sa tsaol chomhchoiteann atá le teacht. Is cuid dár gcultúr comhchoiteann, í is linn uilig í. Ceanglaíonn sí daoine, ní scarann sí iad. Cuireann sí leis an chiall atá againn dár ndúchas, dár bhféiniúlacht, agus don dáimh atá againn le daoine eile. Mar sin de, guím gach rath ar ard-fheis Chonradh na Gaeilge ag an deireadh seachtaine, agus tá mé ag tnúth le bheith páirteach sna himeachtaí sin. Go gcoinní Conradh na Gaeilge leis ag imirt tionchar ar ról na Gaeilge i dtodhchaí an náisiúin.

313 words. Text as published by the Northern Ireland Assembly.

Assessment

Awaiting analysis

This record has not been analysed yet. It is not counted in any total until it has been assessed.

Disagree with this assessment?

Classifications can be challenged. A person reviews every challenge, and any change is recorded publicly above with its reason.

Challenge this classification