Member's statement: Lá Idirnáisiúnta na Máthairtheangacha
Member's statement by Mr Maolíosa McHugh on .
- MLA
- Mr Maolíosa McHugh
- Party at the time
- Sinn Féin
- Date
- 17 February 2026
- Type
- Member's statement
- Business
- Members' Statements
- Heading
- Lá Idirnáisiúnta na Máthairtheangacha
- Assembly identifier
- Official Report component 5394287
Read the official Assembly record
Text
Déanfar Lá Idirnáisiúnta na Máthairtheangacha a cheiliúradh an deireadh seachtaine seo. Leagfar béim i mbliana ar ról an aosa óig i múnlú an oideachais ilteangaigh. Tuairiscítear nach bhfuil rochtain ag 40% de dhaonra an domhain ar oideachas i dteanga a labhraíonn siad nó a thuigeann siad. Tá a mhalairt d’fhadhb ag ár dteanga dhúchais in Éirinn: tá ró-éileamh ar an Ghaelscolaíocht, agus is í an Ghaelscolaíocht an earnáil oideachais is mó fás sa Tuaisceart. Tá sin amhlaidh in ainneoin go ndearnadh ionsaithe ar ár dteanga dhúchais ar feadh na gcéadta bliain lena cur den tsaol. Tugann teangacha dúchais léargas ar leith dúinn ar an tír, agus nascann siad muid léi; tá siad fite fuaite inár gcultúr, agus tá ról tábhachtach le himirt acu i bhforbairt ár bhféiniúlachta. Táthar á thuar go rachaidh idir 50% agus 90% de theangacha dúchais i léig faoi cheann 100 eile bliain. Tuairiscítear go dtéann teanga dhúchais amháin in éag i gceann gach aon choicíse mar gheall ar an choilíneachas nó de bharr na dteangacha idirnáisiúnta a tháinig chun cinn de dheasca an choilíneachais. Ach is léir gur theip ar na cumhachtaí coilíneachta an teanga a scriosadh in Éirinn: má tá teangacha eile dúchais ar fud an domhain ag dul in éag, tá an Ghaeilge ag fás léi. Tháinig an Ghaeilge slán ón scrios sin, mar gheall ar iarrachtaí a rinne muidne ár dteanga dhúchais a athbheochan, iarrachtaí ar éirigh go maith leo. Ar na hiarrachtaí sin, bhí: bunú Chonradh na Gaeilge sa bhliain 1893; obair Dhúbhghlais de Híde agus Phádraig Mhic Phiarais; agus foghlaim na Gaeilge i gcásanna na Ceise Fada — iad uilig ag cur le hathbheochan atá faoi lán seoil anois. Ceapadh Coimisinéir Gaeilge le déanaí, céim ollmhór chun tosaigh i gcaomhnú agus i gcur chun cinn ár dteanga. Ag seo teachtaireacht shoiléir Lá Idirnáisiúnta na Máthairtheangacha: beatha teanga í a labhairt.
309 words. Text as published by the Northern Ireland Assembly.
Assessment
Awaiting analysis
This record has not been analysed yet. It is not counted in any total until it has been assessed.
Disagree with this assessment?
Classifications can be challenged. A person reviews every challenge, and any change is recorded publicly above with its reason.