Member's statement: Lá Idirnáisiúnta an Oideachais
Member's statement by Mr Pat Sheehan on .
- MLA
- Mr Pat Sheehan
- Party at the time
- Sinn Féin
- Date
- 26 January 2026
- Type
- Member's statement
- Business
- Members' Statements
- Heading
- Lá Idirnáisiúnta an Oideachais
- Assembly identifier
- Official Report component 5340180
Read the official Assembly record
Text
Bhí Lá Idirnáisiúnta an Oideachais ann Dé Sathairn seo a chuaigh seo. Athdhearbhaíonn Sinn Féin a thiomantas lena chinntiú go bhfuil an tús is fearr ag gach páiste agus ag gach duine óg agus iad ag gabháil i gceann an tsaoil agus go bhfuil rochtain acu ar oideachas ardchaighdeáin. Is ceart bunúsach é an t-oideachas, ach, thairis sin, is gléas cumhachtach é leis an chomhionannas agus an t-athrú sóisialta a bhaint amach. Ar Lá Idirnáisiúnta an Oideachais i mbliana, bhí mé ag smaoineamh ar pháistí agus ar dhaoine óga na Palaistíne. "Léann-díothú" a thugann an t-aos léinn ar an scrios a rinneadh in Gaza: scriosadh córas oideachais; rinneadh ionsaithe ar ollscoileanna, ar mhúinteoirí agus ar mhic léinn, agus rinneadh sin uilig d’aon turas. Sa chomhthéacs sin, ba náireach é an cinneadh a rinne ár nAire Oideachais féin Paul Givan cuairt a thabhairt ar scoil atá i gcríoch faoi fhorghabháil — cinneadh a bhí ag teacht salach ar an uile dhóigh ar an dlí idirnáisiúnta agus ar chearta an duine. Aithnímid na dúshláin atá roimh scolairí, roimh thuismitheoirí agus roimh mhúinteoirí abhus sa Tuaisceart. Leanfaidh Sinn Féin leis de bheith ag gabháil i ngleic leis an tearc-ghnóthachtáil oideachais, leis an tsoláthar don riachtanas speisialta oideachais a athrú ó bhonn, le cúram páistí a dhéanamh inacmhainne agus le cothrom na Féinne a fháil don Ghaelscolaíocht. Ba chóir do earnáil na Gaeilge áiseanna cuí, infheistíocht chaipitil leanúnach, a dóthain foirne agus acmhainní cearta a bheith aici má tá sí le coinneáil léi ag fás. Tá mé ag tnúth go mór le mo Bhille um lucht saothair gaelscolaíochta a thabhairt os comhair an Tionóil, agus le beith ag déanamh feidhm don earnáil murab ionann is Airí de chuid an DUP, duine acu i ndiaidh an duine eile. Leanfaimid orainn fosta de bheith ag cur i gcoinne na mbeart úd ar chlár oibre an Aire a thabharfadh ar gcúl muid amhail a chuid iarrataí leis an smior-chailleach a bhaint as an churaclam, le cos i bpoll a chur leis an mheasúnú leanúnach agus le córas a thabhairt isteach arís ina bhfuil scrúdú aonair strusmhar amháin ann, scrúdú ar a bhfuil barraíocht ag brath. Níl sin le leas an aosa óig. Leanfaidh Sinn Féin leis de bheith ag seasamh leis an oideachas agus de bheith ag obair le daoine eile le córas oideachais cuimsitheach, lánacmhainne a chruthú, córas nach bhfágfar aon duine ar deireadh ann.
399 words. Text as published by the Northern Ireland Assembly.
Assessment
Jev’s structured answers met the documented threshold for “not flagged”.
- Overall probability that the activity is being used to promote, exploit or escalate an identity-based controversy: 0.28 (flagging needs at least 0.70; at or below 0.30 is not flagged).
- None of the five culture-war criteria was met (each was below 0.60).
- Assessed as legitimate policy scrutiny (0.82).
- No identity-based framing was identified (0.51).
- Subject area: Irish language, Ulster-Scots and language policy.
- The overall probability was at or below the not-flagging threshold.
This is an AI-generated assessment of the text, made against published criteria. It is not a finding of fact about the MLA or their intentions. The Assembly record itself is the fact.
Jev’s structured answers
| Question | Probability | Met? |
|---|---|---|
| Identity framing | 0.19 | No |
| Sectarian or communal antagonism | 0.04 | No |
| Cultural grievance politics | 0.14 | No |
| Dog-whistle messaging | 0.18 | No |
| Controversy escalation | 0.27 | No |
| Legitimate policy scrutiny | 0.82 | Yes |
| Overall judgement | 0.28 | At or below not-flagging threshold |
| Option | Probability |
|---|---|
| No identity-based framing (chosen) | 0.51 |
| Reports or questions it | 0.00 |
| Criticises or condemns it | 0.35 |
| Adopts it | 0.14 |
| Subject | Probability |
|---|---|
| Irish language, Ulster-Scots and language policy | 0.87 |
| Education structures, integration and community division | 0.09 |
| Immigration, asylum, race, ethnicity and Travellers | 0.02 |
| Sectarianism, hate crime and community relations | 0.01 |
| Another identity-related subject | 0.01 |
Assessed 21 October 2026 at 14:23 UTC by jev-1.13.0 (requested as typesafe/jev) under rubric 2026.10-r9, methodology 1.9.
Disagree with this assessment?
Classifications can be challenged. A person reads every challenge, and any change is recorded publicly above with its reason.