Member's statement: Lá Cuimhneacháin an Uileloiscthe
Member's statement by Mr Maolíosa McHugh on .
- MLA
- Mr Maolíosa McHugh
- Party at the time
- Sinn Féin
- Date
- 27 January 2026
- Type
- Member's statement
- Business
- Members' Statements
- Heading
- Lá Cuimhneacháin an Uileloiscthe
- Assembly identifier
- Official Report component 5344965
Read the official Assembly record
Text
Déanfar Lá Cuimhneacháin an Uileloiscthe a chomóradh an tseachtain seo. Tugann sé deis dúinn ár machnamh a dhéanamh ar na hainghníomhartha ab uafásaí a rinneadh ar an chine dhaonna. Tá sé tábhachtach go ndéanaimid ár machnamh ar an tréimhse uafásach úd ionas go dtuigfidh muid an crá, an phian agus an fuath a bhí ann nuair a céasadh agus a dúnmharaíodh an oiread sin daoine. Tá cúpla bliain ó shin, thug mé cuairt ar Auschwitz, an sluachampa géibhinn ba mhó de chuid na Naitsithe, inar maraíodh thart ar 1·1 milliún duine. Chuaigh na déantáin phearsanta agus na taispeántais inar léiríodh an taithí scanrúil sin, chuaigh sin go mór i bhfeidhm orm. Bhí sé thar a bheith coscrach. Ba chóir Lá Cuimhneacháin an Uileloiscthe bheith ina rabhadh dúinn uile faoi na rudaí a d'fhéadfadh tarlú mura dtugtar dúshlán an fhuatha, an dídhaonaithe agus na fuarchúise. Is gairm chun gnímh é Lá Cuimhneacháin an Uileloiscthe do chách atá tiomanta chun cearta an duine agus chun an daonlathais. Éilítear orainn seasamh le chéile i gcoinne frith-Sheimíteachas, seineafóibe, ciníochas agus leithcheal de gach sórt. Tá dualgas morálta orainn an comhionannas, an ceartas agus an tsíocháin a chosaint agus seasamh go daingean in aghaidh an chinedhíothaithe atá ar obair san am i láthair.
208 words. Text as published by the Northern Ireland Assembly.
Assessment
Awaiting analysis
This record has not been analysed yet. It is not counted in any total until it has been assessed.
Disagree with this assessment?
Classifications can be challenged. A person reviews every challenge, and any change is recorded publicly above with its reason.