Member's statement: Fáilte 26
Member's statement by Ms Aisling Reilly on .
- MLA
- Ms Aisling Reilly
- Party at the time
- Sinn Féin
- Date
- 2 February 2026
- Type
- Member's statement (made as a minister)
- Business
- Members' Statements
- Heading
- Fáilte 26
- Assembly identifier
- Official Report component 5356161
Read the official Assembly record
Text
Tagann "Ní thig leat bheith ciníoch agus Gaelach" chugam nuair a smaoiním ar Fáilte 26. Togra atá ar siúl an tseachtain seo mar chuid de sheachtain frithchiníochais na nGael atá á eagrú ag m’iar-scoil agus m’iar-fhostóir, Coláiste Feirste, agus ag Spórtlann na hÉireann. Mar Ghael, rinneadh leithcheal orm. Is minic a bhí ga orm agus ar phobal na Gaeilge máirseáil ar na sráideanna ar son ár gceart. Ag máirseáil le haitheantas a fháil, agus ag máirseáil ar son an chomhionannais agus le meas agus urraim a fháil. Is cóir agus is ceart dúinn an meas céanna a thabhairt do na daoine sin inár sochaí a bhfuil leithcheal á dhéanamh orthu. Is iad an t-oideachas, an chomhbhá agus an tuiscint na huirlisí is fearr atá againn le dúshlán an chiníochais a thabhairt agus le tacú leis na mionlaigh a bhfuil leithcheal á dhéanamh orthu. Sin go díreach an rud a dhéanfar leis an chlár d’imeachtaí a chruthaigh Fáilte 26. Réimse leathan imeachtaí, díospóireachtaí agus imeachtaí ealaíne agus spóirt i rith na seachtaine le hargointí na heite deise a bhréagnú agus le fáilte a chur roimh mhionlaigh inár bpobal. Tá "Is Gael mise" i gcroílár ár bhféiniúlachta. Tá fearadh na fáilte ag gach aon duine a bheith ina Ghael. Ní bhaineann sé leis an eitneacht. Mar a deir muid, "Ar scáth a chéile a mhaireann na daoine." Sheol an Chéad-Aire, Fáilte 26 an tseachtain seo caite. Mar a dúirt sí féin, tá tógáil croí ann daltaí Choláiste Feirste a fheiceáil i gcroílár thogra na seachtaine seo. Is iad ár ndaoine óga ailtirí ár dtodhchaí, mar sin molaim go mór iad as ról gníomhach a ghlacadh i gcoinne an chiníochais. Is mór an clú siad dóibh féin agus dár bpobal. Tá mé ag dúil le freastal ar chuid de na himeachtaí, agus molaim do Chomhaltaí a bheith ag freastal orthu fosta. Guím gach rath oraibh go léir.
314 words. Text as published by the Northern Ireland Assembly.
Assessment
Awaiting analysis
This record has not been analysed yet. It is not counted in any total until it has been assessed.
Disagree with this assessment?
Classifications can be challenged. A person reviews every challenge, and any change is recorded publicly above with its reason.