Debate contribution: Fleadh Cheoil na hÉireann

Debate contribution by Mr Patsy McGlone on .

MLA
Mr Patsy McGlone
Party at the time
Social Democratic and Labour Party
Date
19 January 2026
Type
Debate contribution
Business
Opposition Business
Heading
Fleadh Cheoil na hÉireann
Assembly identifier
Official Report component 5322872

Read the official Assembly record

Text

Go raibh maith agat, a LeasCheann Comhairle. Fáiltíonn an SDLP roimh an méid a chuir Comhaltaí anseo inniu leis an díospóireacht ar ár rún. A LeasCheann Comhairle, is é seo comóradh 75 bliana Fhleadh Cheoil na hÉireann. Is í féile bhliantúil cheoil, amhránacíochta agus dhamhsa na hÉireann is mó ar domhan í. Is féile í fosta ina gcuirtear fáilte roimh gach aon duine agus ina bhfuil soicheall roimh gach duine. Meallann sí cuairteoirí, infheistíocht agus aird dhomhanda cibé áit a reáchtáiltear í. Is é seo an dara huair ina stair a tháinig sí chun an Tuaiscirt, i ndiaidh na fleidhe thar a bheith rathúil i nDoire in 2013. Agus is é chéad uair a reáchtálfar i mBéal Feirste í, an t-aon Chathair Cheoil amháin de chuid UNESCO ar oileán na hÉireann. Tá comhghairdeas tuillte ag Comhairle Cathrach Bhéal Feirste agus ag craobh na hArda de Chomhaltas Ceoltóirí Éireann, ag an chraobh de Chomhaltas atá i mBéal Feirste, agus ag daoine eile, as a gcuid oibre chun an Fhleadh Cheoil stairiúil seo a thabhairt go Béal Feirste. Ó thus deireadh na fleidhe, cuirfear fáilte roimh na céadta mílte ceoltóirí, damhsóirí agus cuairteoirí a bhfuil suim acu páirt a ghlacadh sna féilte i mBéal Feirste. Is deis í seo chun ceol, cultúr agus pobal a cheiliúradh ar bhealach a dtugann daoine le chéile. Mar is féile chuimsitheach í an fhleadh i gcónaí. Chruthaigh Doire é sin in 2013. Oireann an fhleadh go foirfe freisin d’fhís an phlean gníomhaíochta 10 mbliana don turasóireacht a foilsíodh anuraidh. Tá an turasóireacht ar cheann de scéalta ratha Chomhaontú Aoine an Chéasta; is ceann dár dtiománaithe eacnamaíochta is tábhachtaí í, ag cuidiú le saibhreas agus poist a chruthú ar fud an réigiúin. Tá an earnáil ag téarnamh go rathúil freisin ó phaindéim COVID. Beidh borradh breise faoin turasóireacht de thairbhe na fleidhe, ag tabhairt buntáistí móra eacnamaíochta, agus ag tacú le gnólachtaí áitiúla i mBéal Feirste agus ar fud an Tuaiscirt. Chomh maith le bheith ina himeacht iontach inti féin, is deis í an fhleadh chun ár gcáil mar óstach d’imeachtaí eile den mhéid agus den chaighdeán céanna a fheabhsú. I gcás go leor de na céadta mílte cuairteoirí chuig an fhleadh, is í seo a gcéad uair sa réigiún seo. Is orainne atá an fhreagracht chomhchoiteann as a chinntiú go mbeidh eispéireas sábháilte agus lúcháireach acu agus iad anseo, agus go mbeidh siad ag tnúth le filleadh agus teach tar ais go cathair Bhéal Feirste ar dógh. Sna míonna deireanacha den ullmhúchán don fhleadh, tá sé tábhachtach go ndéanfaidh an Tionól, agus an Coiste Feidhmiúcháin, gach rud atá inár gcumhacht chun a chinntiú go n-éireoidh leis an tseachtain féile chomh maith agus a bheifí ag súil leis. Mar a dúirt Ardmhéara Bhéal Feirste, an Comhairleoir Tracy Kelly de chuid an DUP:

“is deis í an fhleadh chun ár dtalann agus ár gcultúir éagsúla a cheiliúradh, agus chun a thaispeáint don tsaol mhór ár gcumas oibriú le chéile chun rud éigin a thabhairt chun críche ar féidir linn go léir a bheith bródúil as.”

Cuirimid fáilte ó chroí roimh an deis sin, agus an seans a ghabhann léi cuimsiú, rannpháirtíocht chultúrtha chomhroinnte agus nasc pobail a chur chun cinn. Níl aon am níos fearr ar domhan ná anois chun na luachanna sin a cheiliúradh agus a chur chun cinn agus a chur chun tosaigh. Ba chóir don Tionól a bheith ag labhairt le haon ghuth inniu i dtaca le fleadh shábháilte, chuimsitheach agus rathúil, fleadh a fhágfaidh oidhreacht dhearfach agus bhuan do Bhéal Feirste agus do phobail ar fud na hÉireann agus níos faide i gcéin. Iarrann an SDLP ar an Tionól tacú leis an gceiliúradh agus a bheith ag obair go cuiditheach chun cabhrú leis an rath a bhaint amach do chách.

626 words. Text as published by the Northern Ireland Assembly.

Assessment

Not flagged

Jev’s structured answers met the documented threshold for “not flagged”.

  • Overall probability that the activity is being used to promote, exploit or escalate an identity-based controversy: 0.04 (flagging needs at least 0.70; at or below 0.30 is not flagged).
  • None of the five culture-war criteria was met (each was below 0.60).
  • No identity-based framing was identified (1.00).
  • Subject area: Sport (including the GAA), the arts and cultural bodies.
  • The overall probability was at or below the not-flagging threshold.

This is an AI-generated assessment of the text, made against published criteria. It is not a finding of fact about the MLA or their intentions. The Assembly record itself is the fact.

Jev’s structured answers

Probability that each statement is true of this text (0 = no, 1 = yes). A criterion counts as met at 0.60 or above.
QuestionProbabilityMet?
Identity framing0.06No
Sectarian or communal antagonism0.01No
Cultural grievance politics0.04No
Dog-whistle messaging0.02No
Controversy escalation0.03No
Legitimate policy scrutiny0.24No
Overall judgement0.04At or below not-flagging threshold
Context and attribution (stance)
OptionProbability
No identity-based framing (chosen)1.00
Reports or questions it0.00
Criticises or condemns it0.00
Adopts it0.00
Subject area (top five)
SubjectProbability
Sport (including the GAA), the arts and cultural bodies0.83
No identity-related subject0.07
Sectarianism, hate crime and community relations0.05
Irish language, Ulster-Scots and language policy0.04
Another identity-related subject0.01

Assessed 21 October 2026 at 14:17 UTC by jev-1.13.0 (requested as typesafe/jev) under rubric 2026.10-r9, methodology 1.9.

Disagree with this assessment?

Classifications can be challenged. A person reads every challenge, and any change is recorded publicly above with its reason.

Challenge this classification