Member's statement: Feachtas A5
Member's statement by Mr Maolíosa McHugh on .
- MLA
- Mr Maolíosa McHugh
- Party at the time
- Sinn Féin
- Date
- 18 November 2025
- Type
- Member's statement
- Business
- Members' Statements
- Heading
- Feachtas A5
- Assembly identifier
- Official Report component 5243918
Read the official Assembly record
Text
Tá na dálaí tiomána ag gabháil in olcas de réir mar atáimid ag druidim le tréimhse na Nollag: tá an lá ag cailleadh, bíonn na bealaí fliuch, bíonn sioc agus oighear orthu agus bíonn níos mó tráchta ar na bealaí mar gheall ar dhaoine ag déanamh shiopadóireacht na Nollag nó ag gabháil ag amharc ar a ndaoine muinteartha. Ba mhaith liom aird a tharraignt ar an tsábháilteacht ar bhóithre inniu i gcomhar le Lá Domhanda i gCuimhne ar Dhaoine a d’Fhulaing de dheasca Timpistí ar Bhóithre. Ardaím an t-ábhar sin, ní hé amháin le cuimhneamh ar dhaoine a d’fhulaing de dheasca timpistí ar bhóithre ach le húsáideoirí bóithre a spreagadh le bheith ar a seacht n-airdeall thar thréimhse na Nollag. Fuair muid scéala uafásach, ag deireadh na seachtaine, go bhfuair cúigear daoine faoi 25 bliana d’aois bás i dtimpiste i gcontae Lú. Gabhaim mo chomhbhrón lena muintir agus guím ar son na ndaoine a tugadh chuig an ospidéal i ndiaidh an teagmhais. Go ndéana Dia trócaire ar a n-anam. An té atá ag gabháil an bóthar, ba chóir dó ceann cúrsa a bhaint amach, pé acu coisí, rothaí, tiománaí nó paisinéir é. Cé go spreagaimid úsáideoirí bóithre le céimeanna riachtanacha a ghlacadh, ní mór dúinn, sa Teach seo, céimeanna riachtanacha a ghlacadh fosta lenár n-úsáideoirí bóithre a chosaint, go háirithe i gcás Bhóthar A5. De réir an fheachtais Is Leor Sin, fuair 57 nduine bás ó cuireadh tús ar fheachtas Bhóthar A5. Sin 57 nduine nár bhain ceann cúrsa amach. Is minic agus is rómhinic a tharla tubaiste agus crá croí ar Bhóthar A5, rud a d’fhág teaghlaigh ar fud an oileáin faoi choscairt. Caithfidh gach duine againn bheith ag tacú leis an phobal agus leis na daoine sin a chaill daoine muinteartha agus bheith ag obair le chéile lena chinntiú go ndéanfar an bóthar sin. Sábhálfaidh an feachtas sin beatha daoine. Leanfaidh Sinn Féin de bheith ag obair le feachtasóirí, le páirtithe eile agus leis an Aire Bonneagair lena chinntiú go gcuirfear an tionscadal ríthábhachtach sin i gcrích. Abraimis ar lá seo an chuimhneacháin go ndéanfaimid ár seacht ndícheall leis an fheachtas sin a chur i gcrích.
358 words. Text as published by the Northern Ireland Assembly.
Assessment
Awaiting analysis
This record has not been analysed yet. It is not counted in any total until it has been assessed.
Disagree with this assessment?
Classifications can be challenged. A person reviews every challenge, and any change is recorded publicly above with its reason.