Member's statement: Uachtarán na hÉireann: Oirniú

Member's statement by Mr Maolíosa McHugh on .

MLA
Mr Maolíosa McHugh
Party at the time
Sinn Féin
Date
11 November 2025
Type
Member's statement
Business
Members' Statements
Heading
Uachtarán na hÉireann: Oirniú
Assembly identifier
Official Report component 5349040

Text

Déanfar Catherine Connolly a oirniú ina huachtarán nua ar Éirinn inniu. Ar dtús – gabhaim mo bhuíochas leis an Uachtarán Micheál D Ó hUigínn agus le Saidhbhín Uí Uigínn as a seirbhís. Is gradamach, cneasta mar a rinne an tUachtarán Ó hUigínn ionadaíocht dár dtír. Bhí sé go mór i bhfách le gnéithe is fearr na hÉireann a chur chun cinn: muintir na hÉireann, cruthaitheacht na nÉireannach, cultúr, agus luachanna daonlathacha na hÉireann. Ní dheachaigh sé ar chúl scéithe leis nuair a chonacthas dó an éagothroime, an leithcheal nó an éagóir bheith ar bun. Creidim go mbeidh Catherine Connolly ar aon dul leis an traidisiún sin agus í ina huachtarán. Chuaigh Catherine i gceann feachtas toghchánaíochta a raibh meas, dínit agus aontacht ina chroílár, feachtas ina raibh tacaíocht aici ó chomhghuaillíocht leathan páirtithe polaitíochta ar chlé, lena n-áirítear Sinn Féin, an páirtí is mó ar an oileán seo. Is amhlaidh a fuair sí an líon is mó vótaí d’aon uachtarán riamh ar Éirinn. Rinne Catherine príomhthéamaí den Ghaeilge, d’Aontacht na hÉireann agus de chosaint neodracht na hÉireann ina feachtas toghchánaíochta. I ndiaidh di an toghchán a bhaint, thug sí cuairt ar Oireachtas na Samhna a bhí ar cois i mBéal Feirste - ag tarraingt le chéile beirt de na téamaí sin. Is geal liom go bhfuil rún aici teanga oibre Áras an Uachtaráin a dhéanamh den Ghaeilge agus an Ghaeilge a chur chun cinn agus í ina huachtarán. Is cuid dár n-oidhreacht chomhchoiteann í an Ghaeilge. Chaith Catherine tráth ag cur feabhas ar a cuid Gaeilge agus í ina duine fásta. Tuigeann sí a dheacra atá sí, mar Ghaeilge agus, ar an ábhar sin dhearbhaigh sí nach gcuirfeadh sí trom ar an té nach labharfadh í ach go spreagfadh sí é lena labhairt. Aithníonn sí an luach agus an léargas ar leith a thugann an Ghaeilge dúinn. Creidim go gcuirfidh Catherine an chomhbhá, an dlúthpháirtíocht, ceartas sóisialta, an tsíocháin agus an comhionannas chun cinn agus í ina huachtarán - ní hé amháin dár muintir féin ar an oileán seo ach ar son ceartas agus síocháin dhomhanda. Go n-éirí leat, a Catherine.

351 words. Text as published by the Northern Ireland Assembly.

Assessment

Awaiting analysis

This record has not been analysed yet. It is not counted in any total until it has been assessed.

Disagree with this assessment?

Classifications can be challenged. A person reviews every challenge, and any change is recorded publicly above with its reason.

Challenge this classification