Debate contribution: Local Growth Fund
Debate contribution by Mr Colm Gildernew on .
- MLA
- Mr Colm Gildernew
- Party at the time
- Sinn Féin
- Date
- 21 October 2025
- Type
- Debate contribution
- Business
- Private Members' Business
- Heading
- Local Growth Fund
- Assembly identifier
- Official Report component 5197388
Read the official Assembly record
Text
Tubaiste amach is amach don Tuaisceart a bhí sa chinneadh an tAontas Eorpach a fhágáil. Tá beagnach deich mbliana ó shin, thug Sinn Féin rabhadh go mbeadh anord eacnamaíochta agus polaitíochta sna hoileáin seo de dheasca an tAontas Eorpach a fhágáil agus go mbeimis uilig thíos leis ó thaobh airgid de. Mar is eol dúinn go léir, d’aontaigh formhór mhuintir an Tuaiscirt le Sinn Féin, ach má d’aontaigh féin, tarraingíodh amach as an Aontas Eorpach muid in éadan ár dtola. Tá iarmhairtí an chinnidh úd ag tosú á nochtadh féin anois, áfach, fiú don té ba dhíograisí ar son an Bhreatimeachta. Leoga, níor bhréag a rá go bhfuil aithreachas ar an té sin anois. D’admhaigh Rialtas na Breataine, faoi dheireadh, go ndearna an Breatimeacht dochar "tromchúiseach fadtéarmach" do gheilleagar na Breataine agus gurb é is mó is cúis le cuid mhór den dua eacnamaíochta atáimid a fháil inniu. Ba thubaisteach mar a chuaigh caillstean maoinithe ón Aontas Eorpach i gcion ar an Tuaisceart, go háirithe ar ár n-earnáil pobail agus dheonach. Gheall Rialtas na Breataine go soláthródh siad féin iomlán an mhaoinithe a cailleadh, ach, mo náire iad, níor chomhlíon siad an gealltanas sin. Mar shampla, bhí Ciste an Rathúnais Choitianta, a mbeidh deireadh leis i mí an Mhárta, bhí sin £20 milliún níos lú in aghaidh na bliana ar an mheán ná na cistí struchtúrtha Eorpacha ar tháinig sé ina n-áit. Ar an drochuair, d’fhág an t-easnamh maoinithe sin an iomad grúpaí in áit a gcarta agus d’fhág a n-inbhuanaitheacht fhadtéarmach faoi amhras mar aon lena gcumas na seirbhísí a sholáthar a bhfuil géarghá leo. D’fhógair Rialtas na Breataine i mí na Bealtaine go dtabharfadh siad isteach ciste an fháis áitiúil in ionad Chiste an Rathúnais Choitianta. Ach is tearc sonraí atá ann ó shin faoin dóigh a n-oibreoidh sé. Caithfidh Rialtas na Breataine a chur in iúl dúinn gan mhoill cé acu a bheidh an ciste fáis áitiúil i bhfeidhm sula dtige deireadh le Ciste an Rathúnais Choitianta nó nach mbeidh. Faigheann na mílte daoine anseo fostaíocht san earnáil pobail agus dheonach, agus tá cinnteacht de dhíth san earnáil chéanna ionas go mbeifear in ann bheith ag pleanáil don am atá le teacht. Tá daoine san earnáil sin dubh dóite den éiginnteacht leanúnach agus de na fógraí a thig ag an bhomaite dheireanach. Caithfidh Rialtas na Breataine a shoiléiriú fosta an mbeidh aon ról ag ár n-institiúidí cineachta sa Tuaisceart i gcistí a leithdháileadh ar thionscadail fhiúntacha. Gealladh i bhforógra Pháirtí an Lucht Oibre urraim a thabhairt do na hinstitiúidí cineachta. Caithfidh siad cur lena bhfocal agus a chinntiú go mbeidh cead cainte ag polaiteoirí áitiúla in aon chiste fáis feasta.
443 words. Text as published by the Northern Ireland Assembly.
Assessment
Jev’s structured answers met the documented threshold for “not flagged”.
- Overall probability that the activity is being used to promote, exploit or escalate an identity-based controversy: 0.12 (flagging needs at least 0.70; at or below 0.30 is not flagged).
- None of the five culture-war criteria was met (each was below 0.60).
- Assessed as legitimate policy scrutiny (0.88).
- No identity-based framing was identified (0.89).
- Subject area: Constitutional question, Brexit, the Windsor Framework and sovereignty.
- The overall probability was at or below the not-flagging threshold.
This is an AI-generated assessment of the text, made against published criteria. It is not a finding of fact about the MLA or their intentions. The Assembly record itself is the fact.
Jev’s structured answers
| Question | Probability | Met? |
|---|---|---|
| Identity framing | 0.08 | No |
| Sectarian or communal antagonism | 0.03 | No |
| Cultural grievance politics | 0.04 | No |
| Dog-whistle messaging | 0.07 | No |
| Controversy escalation | 0.10 | No |
| Legitimate policy scrutiny | 0.88 | Yes |
| Overall judgement | 0.12 | At or below not-flagging threshold |
| Option | Probability |
|---|---|
| No identity-based framing (chosen) | 0.89 |
| Reports or questions it | 0.02 |
| Criticises or condemns it | 0.06 |
| Adopts it | 0.03 |
| Subject | Probability |
|---|---|
| Constitutional question, Brexit, the Windsor Framework and sovereignty | 0.85 |
| Sectarianism, hate crime and community relations | 0.09 |
| No identity-related subject | 0.03 |
| Irish language, Ulster-Scots and language policy | 0.02 |
| Religion and belief (including people of no religion), churches, faith communities and religious prejudice (including antisemitism and anti-Muslim prejudice) | 0.01 |
Assessed 21 October 2026 at 13:32 UTC by jev-1.13.0 (requested as typesafe/jev) under rubric 2026.10-r9, methodology 1.9.
Disagree with this assessment?
Classifications can be challenged. A person reads every challenge, and any change is recorded publicly above with its reason.