Member's statement: Oireachtas na Samhna
Member's statement by Mr Declan Kearney on .
- MLA
- Mr Declan Kearney
- Party at the time
- Sinn Féin
- Date
- 21 October 2025
- Type
- Member's statement
- Business
- Members' Statements
- Heading
- Oireachtas na Samhna
- Assembly identifier
- Official Report component 5197186
Read the official Assembly record
Text
Is é Oireachtas na Samhna an t-imeacht lán-Ghaeilge is sine ar an oileán seo. Beidh sé ar siúl ón 29 Deireadh Fómhair go dtí an 2 Samhain i mBéal Feirste. Déantar an Ghaeilge, na healaíona agus traidisiúin na hÉireann a cheiliúradh ag Oireachtas na Samhna, agus beidh díospóireachtaí, scannáin, ceardlanna chomh maith le himeachtaí eile ar siúl le linn na féile. Níor chuir sé iontas ar bith ormsa gur roghnaíodh Béal Feirste le féile na bliana seo a óstáil. Leoga, tá Béal Feirste ar thus cadhnaíochta in athbheochan na Gaeilge. Is léiriú ar an cheannasaíocht é an beartas nua Gaeilge atá comhaontaithe ag Comhairle Cathrach Bhéal Feirste. Ina theannta sin, roghnaíodh Béal Feirste le Comórtas Péile na Gaeltachta, Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge agus Fleadh Cheoil na hÉireann a óstáil ar an bhliain seo chugainn. Is deis den scoth é sin leis an dul chun cinn atá déanta le déanaí a léiriú. Táthar ag súil leis na mílte Gaeilgeoirí as gach cearn d’Éirinn, agus níos faide i gcéin, i mBéal Feirste don fhéile. Tá deireadh seachtaine na n-imeachtaí á eagrú ag An Oireachtas i gcomhar le Comhairle Cathrach Bhéal Feirste, an Roinn Pobail, gníomhaireachtaí turasóireachta agus grúpaí Gaeilge, lena n-áirítear Conradh na Gaeilge. I measc na n-imeachtaí, beidh díospóireacht ar siúl faoi "Ról na nGael i dTógáil Éire Nua", díospóireacht ina bpléifear an tábhacht a bhaineann le Gaeilgeoirí in Éire nua a thógáil. Ba chóir leas a bhaint as gach deis le bheith ag ullmhú don aontacht, don todhchaí, agus d’Éire nua. Tá mé cinnte de go gcuirfear breáthacht Bhéal Feirste i lár an aonaigh sa dóigh a rachfar i gceann an fhéile a reáchtáil anseo. Tá mé ag tnúth go mór lena thaispeáint go bhfuil an chathair seo i gcroílár athbheochan na teanga. Taispeánfaidh sé gur teanga í an Ghaeilge a bhfuil stair shaibhir aici agus go bhfuil sí bríomhar agus faoi bhláth inár láthair, agus go leanfaidh sí ag fás léi amach anseo. Beatha teanga í a labhairt. Guím gach rath ar an Oireachtas agus é i mBéal Feirste agus tá mé ag súil go mór le bheith páirteach sa chraic, spraoi agus cultúr le linn na féile.
359 words. Text as published by the Northern Ireland Assembly.
Assessment
Awaiting analysis
This record has not been analysed yet. It is not counted in any total until it has been assessed.
Disagree with this assessment?
Classifications can be challenged. A person reviews every challenge, and any change is recorded publicly above with its reason.