Member's statement: Lá Idirnáisiúnta an Aistriúcháin
Member's statement by Miss Nicola Brogan on .
- MLA
- Miss Nicola Brogan
- Party at the time
- Sinn Féin
- Date
- 20 October 2025
- Type
- Member's statement
- Business
- Members' Statements
- Heading
- Lá Idirnáisiúnta an Aistriúcháin
- Assembly identifier
- Official Report component 5188282
Read the official Assembly record
Text
Rinne muid Lá Idirnáisiúnta an Aistriúcháin a cheiliúradh an mhí seo a chuaigh thart. Tugtar seans dúinn an lá sin leis an obair thábhachtach, fhiúntach a dhéanann fir agus mná teanga ar fud an domhain a cheiliúradh. Nuair a dhéantar teanga amháin a aistriú go teanga eile, cuirtear leis an chumarsáid idir daoine, cuirtear leis an tuigbheáil atá againn dá chéile, cuirtear leis an tsíocháin agus cuirtear leis an chomhar agus leis an dáimh atá againn le chéile. Ní bagairt teanga. Is cuma cén teanga í. Má deirtear nó má scríobhtar friotal as Béarla agus sin a aistriú go Gaeilge, go hUltais nó go ceann de na teangacha nua ar an oileán seo, an Úcráinis nó an Araibis, ní bhíonn duine ar bith thíos leis. A mhalairt atá amhlaidh: is fearrde dúinn é. Tugann sé seans do na daoine a bhfuil na teangacha sin acu a gcuid a bheith acu den tsaol anseo agus a bhuíochas sin ar na haistritheoirí agus na hateangairí. Tá an t-ádh orainn go bhfuil aistritheoirí agus ateangairí sa Tionól seo, go díreach mar atá sa Dáil, sa Senedd sa Bhreatain Bheag agus sna céadta eile Parlaimintí ar fud na cruinne. An áit a mbíonn an t-aistriúchán, bíonn faill ag polaiteoirí óráidí a thabhairt nó ceisteanna a chur sa teanga is fearr a oireann dóibh. Neartaíonn an áis sin an díospóireacht agus, dá bharr sin, an daonlathas. Mholfainn do Chomhalta ar bith anseo a chuid Gaeilge a chur chun a caite oiread agus is féidir agus tairbhe a bhaint as an tseirbhís atá againn. Mar sin de, a Cheann Comhairle, ba mhaith liom mo bhuíochas a ghabháil leis na haistritheoirí agus na hateangairí uile go léir, bíodh siad ag obair in institiúidí polaitíochta nó amuigh fríd na daoine sna hotharlanna agus sna cúirteanna. Is annamh a théann a luach orthu, ach tá sé ar shlí a ráite nach mbeadh teacht againn gan iad.
317 words. Text as published by the Northern Ireland Assembly.
Assessment
Awaiting analysis
This record has not been analysed yet. It is not counted in any total until it has been assessed.
Disagree with this assessment?
Classifications can be challenged. A person reviews every challenge, and any change is recorded publicly above with its reason.