Debate contribution: Irish Language Street Signage in Belfast

Debate contribution by Mr Declan Kearney on .

MLA
Mr Declan Kearney
Party at the time
Sinn Féin
Date
13 October 2025
Type
Debate contribution
Business
Private Members' Business
Heading
Irish Language Street Signage in Belfast
Assembly identifier
Official Report component 5176345

Text

Go raibh maith agat. Tuigim go bhfuil mo chara anseo ag iarraidh cor a chur ar an díospóireacht. Le scéal fada a dhéanamh gairid, glacaimid go bhfuil ceart ag gach saoránach. Ceist agam ortsa: an dtuigeann tusa anois go bhfuil aitheantas bainte amach ag an Ghaeilge mar theanga oifigiúil sa stát seo? Maith thú. Tá daoine dubh dóite de pholaitíocht seo na deighilte atá cuid páirtithe a chur chun cinn. Is é fírinne an scéil nach bhfuil suim ag formhór mór na ndaoine sna cogaí cultúrtha bréagacha seo. Tá siad ag iarraidh feabhas a chur ar sheirbhísí poiblí. Tá siad ag fanacht le páirtithe cur lena bhfocal agus an comhionannas a chur i bhfeidhm. Tá an beartas atá idir camánaibh againn inniu bunaithe ar chomhionannas, ar an smaoineamh go bhfuil sé de cheart ag gach duine a bhféiniúlacht agus a gcultúr a fheiceáil sa tsaol phoiblí. Ní bhaineann an rún seo ón DUP le pobail a chosaint. Sin cur i gcéill. Baineanna sé le heagla agus teannas a chothú inár bpobail. Céim ar gcúl atá ann, tá sé frith-Ghaelach, agus tagann sé iomlán salach ar an chomhionannas féin. Léiríonn an chomharthaíocht dhátheangach urraim, agus tugann sí le fios do mhórán daoine ar fud na cathrach go bhfuil urraim agus fáilte roimh a bhféiniúlacht anseo. Ní beartas ar chomharthaí amháin atá sa bheartas seo; léiríonn sé an cineál cathrach atáimid ag iarraidh a dhéanamh — cathair do chách, atá dearfach, measúil, atá forásach. Níor chóir do dhuine ar bith eagla a bheith air roimh an Ghaeilge; ní bagairt í an Ghaeilge. Is linn go léir í, beag beann ar chúlra nó ar chreideamh. Is teanga bheo í. Beatha teanga í a labhairt. Ní aniar aduaidh a tháinig an beartas seo. Is toradh é ar na blianta de rannpháirtíocht pobail, eagrú agus comhairliúchán ar leibhéal an phobail, agus níl an tacaíocht dó teoranta do aon chuid amháin dár gcathair. Ar an drochuair tá an chomharthaíocht dhátheangach á loit go fóill, agus caithfear deireadh a chur leis sin. Caithfear deireadh a chur leis na hathbhreithnithe breithiúnacha costasacha atá cuid daoine a úsáid le bac a chur ar an dul chun cinn.

Níl an t-am agam, gabh mo leithscéal. Bíonn an DUP ag caint arís agus arís eile ar airgead poiblí bheith á chur amú. Ba chóir fiafraí díobh, áfach, cá mhéad airgid a chuir siad féin amú agus iad ag troid i gcoinne an bheartais seo sna cúirteanna — ba chóir an t-airgead sin a chaitheamh ar sheirbhísí a fheabhsú. Ná bíodh aon amhras ann: is í an urraim an t-aon rud amháin atá á héileamh: urraim ar an Ghaeilge; urraim ar na daoine a labhraíonn í agus ar mian leo í a fhoghlaim. Deirim seo leis an DUP tráthnóna: tá aimsir an leithcheala thart. Tá aimsir na scoilte thart. Tá an t-am acu bheith ag obair leis an chuid eile againn ar mhaithe lenár bpobail uilig in ionad bheith ag iarraidh scoilt a chur eatarthu. Tapaígí an deis.

496 words. Text as published by the Northern Ireland Assembly.

Assessment

Awaiting analysis

This record has not been analysed yet. It is not counted in any total until it has been assessed.

Disagree with this assessment?

Classifications can be challenged. A person reviews every challenge, and any change is recorded publicly above with its reason.

Challenge this classification