Member's statement: Haemacrómatóis

Member's statement by Mr Maolíosa McHugh on .

MLA
Mr Maolíosa McHugh
Party at the time
Sinn Féin
Date
13 October 2025
Type
Member's statement
Business
Members' Statements
Heading
Haemacrómatóis
Assembly identifier
Official Report component 5175411

Text

Tá haemacrómatóis ghéiniteach orm, arb í an gearán géiniteach is coitianta i dtuaisceart na hEorpa í. Is féidir í a bhainistiú ach í a chóireáil in am. Ach tá mo dhála féin ar chuid mhór othar sa Tuaisceart, braitheann an cúram a fhaighimid ar an chód poist atá againn. Murab ionann agus i Sasana agus sa Bhreatain Bheag, áit a mbíonn coinní rialta ag othair le dochtúirí comhairleacha, níl aon chóras aontaithe sa Tuaisceart lena chinntiú go bhfuil maoirseacht rialta ó speisialtóirí ann. Tá maoirseacht rialta ó speisialtóirí ríthábhachtach le teacht roimh an ghalar, le deacrachtaí a bhainistiú agus le hothair a chur ar a suaimhneas. Níl sin cóir, ceart ná inghlactha. Chuir an Deisceart samhail náisiúnta chúraim don haemacrómatóis i bhfeidhm, samhail lena gcinntítear go bhfuil rochtain ag othair ar sheirbhísí féithligin faoi stiúir dochtúirí teaghlaigh agus altraí. Is léir ón tsamhail náisiúnta na buntáistí a bhaineann le cur chuige atá in ord agus in eagar, rud atá fíorthábhachtach, ós rud é go meastar gur in iarthuaisceart na hÉireann — Tír Eoghain, Dún na nGall agus Doire — is mó agus is minice atá haemacrómatóis ghéiniteach le fáil. Caithfidh an Roinn Sláinte samhail chaighdeánaithe don haemacrómatóis a bhunú anseo sa Tuaisceart. Ba chóir athbhreithnithe sainordaithe rialta le dochtúirí comhairleacha, conairí soiléire, agus teacht cothrom ar chóireáil chothabhála bheith sa tsamhail sin. Cuirfidh a leithéid de bhearta an cúram abhus ar aon dul le caighdeáin aitheanta ar fud na n-oileán seo, agus cuirfidh siad feabhas ar thorthaí sláinte fadtéarmacha. Bíonn athbhreithniú sainordaitheach le dochtúirí comhairleacha ann uair amháin i gceann gach aon trí bliana ar a laghad i ndlínsí eile. Creidim, ar mhaithe le sláinte an phobail, gur chóir dó sin bheith ina dhualgas orainn i dTuaisceart na hÉireann.

289 words. Text as published by the Northern Ireland Assembly.

Assessment

Awaiting analysis

This record has not been analysed yet. It is not counted in any total until it has been assessed.

Disagree with this assessment?

Classifications can be challenged. A person reviews every challenge, and any change is recorded publicly above with its reason.

Challenge this classification