Debate contribution: Household Energy Costs

Debate contribution by Mr Maolíosa McHugh on .

MLA
Mr Maolíosa McHugh
Party at the time
Sinn Féin
Date
7 October 2025
Type
Debate contribution
Business
Private Members' Business
Heading
Household Energy Costs
Assembly identifier
Official Report component 5165046

Text

Beidh cluasáin de dhíth.

Tacaím leis an rún, mar gur gruama í an fhírinne: tá na mílte teaghlach faoi bhochtaineacht breosla ag tithíocht shóisialta atá inslithe go dona agus go neamhéifeachtúil ó thaobh fuinnimh de agus is siocair í le billí teaghlaigh a bheith ag ardú.

Tá éagsúlacht idir na figiúirí. Sin ráite, áfach, deir an Ghníomhaíocht Náisiúnta ar son Fuinnimh linn go bhfuil 27% de theaghlaigh faoi bhochtaineacht breosla de réir an mheastacháin is déanaí ón tSuirbhé ar Bhail na dTithe 2016. Ar an drochuair, tá an teachtaireacht soiléir: tá rogha an dá dhíogha os comhair barraíocht teaghlach: iad féin a chothú nó a théamh.

I commend the tireless work of the community and voluntary sector and charitable organisations. Their advocacy, practical help and compassion makes a real difference to families who would otherwise have nowhere to turn. They are an essential avenue of support in our communities. Tá a fhios againn go gcuireann an tithíocht go mór le hastaíochtaí carbóin. Chan amháin gur riachtanas comhshaoil é tithe a iarfheistiú le hinsliú, le córais téimh éifeachtacha agus le teicneolaíochtaí in-athnuaite; is riachtanas eacnamaíochta é. Léiríonn fianaise ón Roinn Pobal gur féidir le huasghráduithe fuinnimh na céadta punt a bhaint de bhillí tí gach bliain, rud a sholáthraíonn teas ar phraghas réasúnta do na háiteanna is mó a bhfuil gá leis.

Tá caighdeáin níos láidre á gcur i bhfeidhm ag comhairlí fosta trí phleananna forbartha áitiúla, trí bhéim a chur ar thábhacht fabraice maithe agus tithe á ndéanamh, trí shochar a bhaint as teas na gréine agus tríd an chomhtháthú in-athnuaite. Is féidir leis na beartais sin, atá fréamhaithe sa ráiteas beartais ar phleanáil straitéiseach, is féidir leo sin tithe a chur in éifeachtacht, ach iad a chur i bhfeidhm go réadúil. Ní mór fíorthairbhe a bhaint as beartais ar pháipéar do theaghlaigh.

Mar sin féin, ní féidir an bhochtaineacht breosla a laghdú trí bhearta tithíochta amháin. Tá athchóiriú agus caighdeáin níos fearr ríthábhachtach, ach is den bhochtaineacht féin an bhochtaineacht breosla. Tá teaghlaigh ag streachailt, ní hamháin de dheasca tithe a bheith faoi bhun caighdeáin, ach de dheasca ioncam íseal, obair neamhchinnte, costais atá ag ardú agus éagothroime chórasach. Sin an fáth a bhfuil straitéis fhoriomlán frithbhochtaineachta riachtanach le haghaidh a thabhairt ar na bunchúiseanna.

We cannot ignore those contradictions. Cuts to winter fuel payments or benefit entitlements undermine any effort to support vulnerable households. It is simply wrong to withdraw support while outdated homes remain unfit for purpose. In supporting the motion, we must combine higher housing standards with a broader anti-poverty strategy. Only then can we reduce bills, tackle fuel poverty, meet climate change obligations and deliver dignity for families across the North of Ireland.

448 words. Text as published by the Northern Ireland Assembly.

Assessment

Awaiting analysis

This record has not been analysed yet. It is not counted in any total until it has been assessed.

Disagree with this assessment?

Classifications can be challenged. A person reviews every challenge, and any change is recorded publicly above with its reason.

Challenge this classification