Member's statement: Comhairle Cathrach Bhéal Feirste: Beartas Gaeilge

Member's statement by Ms Aisling Reilly on .

MLA
Ms Aisling Reilly
Party at the time
Sinn Féin
Date
6 October 2025
Type
Member's statement (made as a minister)
Business
Members' Statements
Heading
Comhairle Cathrach Bhéal Feirste: Beartas Gaeilge
Assembly identifier
Official Report component 5156505

Text

D’aontaigh Comhairle Cathrach Bhéal Feirste beartas nua Gaeilge an tseachtain seo caite. Is é is aidhm don bheartas cearta Gaeilgeoirí a neartú agus infheictheacht na teanga a mhéadú ar fud na cathrach. Tá Ghaeilge agam ón chliabhán. D’fhreastail mé ar scoil lánGhaeilge. D’oibrigh mé in earnáil na Gaeilge, agus úsáidim Gaeilge gach uile lá. Is Gaeilgeoir fosta é mo nia. Tá sé ceithre bliana d’aois. Is mór idir an saol a bhí agamsa mar Ghael óg agus an saol a bheidh ag mo nia, agus a bhuíochas sin ar an obair a rinne Sinn Féin agus páirtithe eile, ar an obair a rinne grúpaí agus gníomhaithe teanga, orainne uile a tháinig amach ar na sráideanna — ar ghrúpaí a throid go dian, sa Teach seo, i gcomhairlí áitiúla, agus i ngrúpaí pobail — dá thairbhe sin, fásfaidh mo nia aníos i sochaí ina n-aithneofar agus ina mbeidh meas ar a theanga. Ar an drochuair, i ndiaidh an chinneadh sin a ghlacadh, rinneadh bagairt ar áiseanna de chuid Chomhairle Cathrach Bhéal Feirste. Ba cheart na bagairtí a rinne grúpaí paraimíleata dílseoirí inné a cháineadh go soiléir neamhbhalbh. Ní mór do cheannairí polaitíochta seasamh le chéile i gcoinne na mbagairtí sin, go huile agus go hiomlán. Ní bagairt í an Ghaeilge. Ní bagairt é an comhionannas. Is cinneadh stairiúil é cinneadh na Comhairle, cinneadh dearfach. Thiocfadh le beartas Chomhairle Cathrach Bhéal Feirste a bheith ar cheann de na beartais teanga is forásaí ar an oileán seo. Is tiomantas é do chearta Gaeilgeoirí, d’fhorbairt ár bpobail, agus do theanga atá mar chuid den oidhreacht chomhchoiteann againn a chur chun cinn. Is cúis dóchais é comhaontú na comhairle. Tá an beartas ina chéim chun tosaigh, céim i dtreo Béal Feirste a thugann daoine le chéile, cathair ina ndéantar an Ghaeilge a chaomhnú agus a cheiliúradh.

301 words. Text as published by the Northern Ireland Assembly.

Assessment

Awaiting analysis

This record has not been analysed yet. It is not counted in any total until it has been assessed.

Disagree with this assessment?

Classifications can be challenged. A person reviews every challenge, and any change is recorded publicly above with its reason.

Challenge this classification