Member's statement: Aitheantas don Ghaeilge
Member's statement by Ms Aisling Reilly on .
- MLA
- Ms Aisling Reilly
- Party at the time
- Sinn Féin
- Date
- 23 September 2025
- Type
- Member's statement (made as a minister)
- Business
- Members' Statements
- Heading
- Aitheantas don Ghaeilge
- Assembly identifier
- Official Report component 5129134
Read the official Assembly record
Text
Tá an Ghaeilge faoi bhláth. Tá líon na bhfoghlaimeoirí ag fás, tá earnáil na Gaelscolaíochta ag borradh léi, agus tá coimisinéir teanga le ceapadh gan mhoill. Is léir go bhfuil an Ghaeilge ag dul ó neart go neart. Tá sé ríthábhachtach go dtacaímidne uile anseo sa tSeomra seo leis an fhás sin. In ainneoin an dul chun cinn atá déanta, b’éigean do bhreis agus 25 000 Gael ó gach aon chearn den oileán sráideanna Bháile Átha Cliath a thabhairt orthu féin Dé Sathairn seo a chuaigh thart. Mé féin ina measc agus mé bródúil as bheith ann ag seasamh gualainn má gualainn le pobal na Gaeilge. Bhí 25 000 Gael ar na sráideanna – bródúil agus bríomhar – ag éileamh a gceart. Ag éileamh infheistíocht agus aitheantas cuí don Ghaeilge san oideachas, sa tithíocht agus sa reachtaíocht. Tá seasca faoin gcéad de Ghaelscoileanna ó Thuaidh lonnaithe go fóill i gcóiríocht shealadach neamhshásúil, agus tháinig titim thubaisteach ar líon na ndaltaí atá ag roghnú na Gaeilge mar ábhar TGMO sna meánscoileanna Béarla le 20 bliain anuas. Tá earnáil na luathbhlianta Gaeilge ag snámh in aghaidh an easa, nó tá méadú suntasach ar an éileamh ar a seirbhísí tráth atá an stát fuarchúiseach sa scéal, rud a chuireann tuilleadh brú airgeadais, acmhainní agus foirne ar an earnáil. Leanann Gaeilgeoirí orthu ag streachailt ar son infheictheachta sa réimse poiblí i gcomhairlí ar fud an Tuaiscirt, pé acu i gcomharthaí sráide dátheangacha nó i mbrandáil comhairle. Ach lig dom é seo a rá: seasaimid leis na Gaeil nuair a thugann said na sráideanna orthu féin. Leanfaimid orainn ag stocaireacht sa tSeomra seo agus níos faide anonn ar son a gceart, ar son tacaíochta agus ar son infheistíocht chuí. Tá dul chun cinn á dhéanamh, ach tá bealach le dul go fóill, agus leanfaimid linn, go bródúil bríomhar.
303 words. Text as published by the Northern Ireland Assembly.
Assessment
Awaiting analysis
This record has not been analysed yet. It is not counted in any total until it has been assessed.
Disagree with this assessment?
Classifications can be challenged. A person reviews every challenge, and any change is recorded publicly above with its reason.