Member's statement: Gaza: Tuarascáil ar an Chinedhíothú ó Chomhairle na Náisiún Aontaithe um Chearta an Duine

Member's statement by Mr Declan Kearney on .

MLA
Mr Declan Kearney
Party at the time
Sinn Féin
Date
23 September 2025
Type
Member's statement
Business
Members' Statements
Heading
Gaza: Tuarascáil ar an Chinedhíothú ó Chomhairle na Náisiún Aontaithe um Chearta an Duine
Assembly identifier
Official Report component 5129077

Text

Rinne na Náisiúin Aontaithe Lá Idirnáisiúnta na Síochána a cheiliúradh Dé Domhnaigh seo a chuaigh thart, an 21 Meán Fómhair. Tugann an lá sin deis don domhan ár machnamh a dhéanamh — agus ár dtiomantas a athdhearbhú — ar an dóigh a dtig linn deireadh a chur leis an choimhlint, cearta an duine a chosaint agus síocháin an domhain a chur chun tosaigh. Tugadh dearbhú cinnte an tseachtain seo caite i dtuarascáil ó Chomhairle na Náisiún Aontaithe um Chearta an Duine go bhfuil stát Iosrael ag déanamh cinedhíothú in aghaidh mhuintir na Palaistíne. Is é a tuairiscíodh inti:

“Scaoil naoscairí cuid de na páistí, lena n-áirítear naíonáin, sa cheann.”

Ná haifir orm é, ach caithfidh mé sin a léamh amach an athuair. Is é a dúradh sa tuarascáil:

“Scaoil naoscairí cuid de na páistí, lena n-áirítear naíonáin, sa cheann.”

Cad é an cineál domhain a bhfuil muid inár gcónaí ann? Tá freagra na ceiste sin le fáil i gcruachás mhuintir na Palaistíne. Tá uileloscadh comhaimseartha ar siúl os comhair shúile an domhain. Tá stát ag baint úsáid as an chinedhíothú, as an ocras éigeantach, as an ghlanadh eitneach, as an choinneáil agus as an chinedheighilt, agus tá stát ag ciorrú páistí nuair a scaoileann naoscairí sa cheann iad. Agus tá sin uile go léir á dhéanamh d’aon turas. Tá an dara cothrom lae den chinedhíothú seo ag druidim linn. Ar mhaithe leis an chine dhaonna, ní mór don domhan gníomhú le deireadh a chur leis an tsádachas seo. Ní mór trádbhaic arm chuimsitheacha, smachtbhannaí agus dífheistiú a chur i bhfeidhm i gcoinne Iosrael. Tá an t-am ann le Benjamin Netanyahu agus na gealta ina Chomh-Aireacht a thabhairt os comhair na Cúirte Coiriúla Idirnáisiúnta. Caithfimid rún comhchoiteann a bheith againn ceartas, comhionnnas agus síocháin a bhaint amach do mhuintir na Palaistíne ós sin is brí do Lá Idirnáisiúnta na Síochána.

309 words. Text as published by the Northern Ireland Assembly.

Assessment

Awaiting analysis

This record has not been analysed yet. It is not counted in any total until it has been assessed.

Disagree with this assessment?

Classifications can be challenged. A person reviews every challenge, and any change is recorded publicly above with its reason.

Challenge this classification