Debate contribution: Gaza: Action to End Forced Starvation
Debate contribution by Mr Pat Sheehan on .
- MLA
- Mr Pat Sheehan
- Party at the time
- Sinn Féin
- Date
- 9 September 2025
- Type
- Debate contribution
- Business
- Private Members' Business
- Heading
- Gaza: Action to End Forced Starvation
- Assembly identifier
- Official Report component 5086509
Read the official Assembly record
Text
Le 23 mhí anuas, tá muid ag amharc ar chinedhíothú agus é á chraoladh beo ag a íospartaigh féin. Chonaic gach duine againn sa Seomra na híomhánna uafásacha de choirp chráite, mhaslaithe, coirp páistí agus leanaí nuabheirthe san áireamh, chonaic muid sin ar an teilifís s’againn nó ar na meáin shóisialta ag teacht ó Gaza. Déanann Palaistínigh in Gaza taifeadadh ar an bheatha dhosheasta acu gach aon lá — an bás, an t-ocras agus an léirscrios — rinneadh an tuairisciú sin a mhaolú san Iarthar, nó tá an tIarthar ciontach chomh maith i gcoireanna Iosrael. Ach níl a dhath ar bith normálta faoin rud atá ar siúl; níl a dhath normálta faoin bhás agus an léirscrios a bheith ina gcuid den ghnáthshaol. Tá na híomhánna scanrúla de pháistí a mharaigh fórsaí Iosrael as eadán a chéile, cibé acu trí ionsaithe aeir nó talún, tá sin ar an rud is scanrúla ar fad. Is smál ar an chine daonna é a bhfuil ar siúl in Gaza. Dar le hOifig na Náisiún Aontaithe um Chomhordú Gnóthaí Daonnúla go bhfuil líon oifigiúil na mbásanna ar taifead anois níos airde ná 63,000 duine. Is páistí iad 29% den líon iomlán — sin 18,400 páiste. Níl ciall do náire ag Benjamin Netanyahu ná ag a chomhchiontóirí agus iad ag marú mná agus páistí neamhchiontacha. Níl aon fhadhb acu iriseoirí a mharú; níl aon fhadhb acu dochtúirí ná oibrithe cabhrach daonnúla a mharú ach oiread agus iad ag iarraidh cuidiú leis na híospartaigh den chinedhíothú seo. Sna 24 an chloig seo caite, tá Benjamin Netanyahu i ndiaidh ionradh talún a dhéanamh i gCathair Gaza, á rá le saoránaigh na cathrach "a bheith ar shiúl anois". Cá rachaidh siad? Tá siad sáinnithe. Tá normalú á dhéanamh ar an ghlanadh eitneach os ár gcomhair. Dé Sathairn 6 Meán Fómhair, chuaigh baill de chuid Shinn Féin i gcomhar leis na milliúin gníomhaithe ar fud an domhain le Lá Domhanda Gníomhaíochta do Gaza a cheiliúradh. Rinne Comhghuaillíocht Dhomhanda na Palaistíne, a bunaíodh le déanaí, rinne sin comhordú ar lá domhanda gníomhaíochta, agus é mar aidhm aici comhghuaillíocht idirnáisiúnta leathan a thógáil le féinchinntiúchán na Palaistíne a chosaint. Tá sé ríthábhachtach go seasfaimid le chéile in aghaidh chinedheighilt, fhorghabháil agus chinedhíothú Iosrael, agus go dtacóimid le hiarrachtaí idirnáisiúnta comhordaithe. Tá na duisíní long ag taisteal trasna na Meánmhara faoi láthair leis an bhac mhídhleathach ar Gaza a bhriseadh. Meastar gurb é global Sumud flotilla an cabhlach sibhialta comhordaithe is mó riamh. Cáinim go láidir an t-ionsaí a rinneadh aréir ar long de chuid an chabhlaigh a bhí sa Túinéis. Léiríonn an t-ionsaí sin nach bhfuil a dhath trom ná te ag Iosrael ná ag lucht a pháirte. Cuirim in iúl mo dhlúthpháirtíocht do na céadta gníomhaithe atá ag glacadh páirt sa chablach. Má sheasaimid i leataobh agus gan a dhath a dhéanamh is ionann sin agus an bua a ligean leis an olc. Níl aon pháirt rómhór ná róbheag — tá páirt againn go léir le himirt le deireadh a chur le dúbhearta Iosrael in aghaidh na daonnachta. Is bagairt bhradach í Iosrael atá ag sárú ar an dlí idirnáisiúnta agus ar chearta an duine. Baghcat, dí-infheistíocht agus smachtbhannaí an t-aon dóigh amháin a stopfar coireanna Iosrael. Nuair a chuirfear stop le feachtas marfach Iosrael agus nuair a thabharfar na daoine atá ciontach os comhair na cúirte sa Háig, beidh síocháin, dínit agus dóchas ann do mhuintir na Palaistíne.
568 words. Text as published by the Northern Ireland Assembly.
Assessment
Jev’s structured answers met the documented threshold for “not flagged”.
- Overall probability that the activity is being used to promote, exploit or escalate an identity-based controversy: 0.17 (flagging needs at least 0.70; at or below 0.30 is not flagged).
- None of the five culture-war criteria was met (each was below 0.60).
- The text adopts the identity-based framing in its own voice (0.38).
- Subject area: Immigration, asylum, race, ethnicity and Travellers.
- The overall probability was at or below the not-flagging threshold.
This is an AI-generated assessment of the text, made against published criteria. It is not a finding of fact about the MLA or their intentions. The Assembly record itself is the fact.
Jev’s structured answers
| Question | Probability | Met? |
|---|---|---|
| Identity framing | 0.47 | No |
| Sectarian or communal antagonism | 0.11 | No |
| Cultural grievance politics | 0.02 | No |
| Dog-whistle messaging | 0.13 | No |
| Controversy escalation | 0.12 | No |
| Legitimate policy scrutiny | 0.30 | No |
| Overall judgement | 0.17 | At or below not-flagging threshold |
| Option | Probability |
|---|---|
| No identity-based framing | 0.31 |
| Reports or questions it | 0.00 |
| Criticises or condemns it | 0.31 |
| Adopts it (chosen) | 0.38 |
| Subject | Probability |
|---|---|
| Immigration, asylum, race, ethnicity and Travellers | 0.77 |
| Another identity-related subject | 0.12 |
| No identity-related subject | 0.03 |
| Sectarianism, hate crime and community relations | 0.03 |
| Religion and belief (including people of no religion), churches, faith communities and religious prejudice (including antisemitism and anti-Muslim prejudice) | 0.02 |
Assessed 21 October 2026 at 13:02 UTC by jev-1.13.0 (requested as typesafe/jev) under rubric 2026.10-r9, methodology 1.9.
Disagree with this assessment?
Classifications can be challenged. A person reads every challenge, and any change is recorded publicly above with its reason.