Debate contribution: Dilapidation Bill: Second Stage

Debate contribution by Mr Maolíosa McHugh on .

MLA
Mr Maolíosa McHugh
Party at the time
Sinn Féin
Date
1 July 2025
Type
Debate contribution
Business
Executive Committee Business
Heading
Dilapidation Bill: Second Stage
Assembly identifier
Official Report component 5061379

Text

Is geal linn cuspóir Bhille an Trochlaithe. Ní féidir neamhaird a thabhairt ar an drochthionchar a bhíonn ag foirgnimh chontúirteacha thréigthe ar na bailte móra, sráidbhailte agus cathracha againn. Tá sé thar am cur i bhfeidhm atá níos láidre agus níos comhsheasmhaí a fhorbairt. Mar sin féin, cé go dtacaímid leis an Bhille, déanaimid sin go faichilleach, go háirithe maidir leis na himpleachtaí airgeadais. Tá go leor comhairlí faoi bhrú airgeadais cheana féin. Ní mór na hacmhainní cuí a bheith ag gabháil leis na cumhachtaí nua. Tá soiléireacht de dhíth orainn i dtaca leis an tsamhail airgeadais atá mar bhonn faoin Bhille. Níor cheart bheith ag tabhairt ar na comhairlí dul i mbun oibreacha deisiúcháin riachtanacha gan meicníocht praiticiúil ann leis na costais a thabhairt isteach. Tá baol ann go mbeidh crannchur de réir cód poist ann maidir le feidhmiú, ag brath ar acmhainn airgeadais na comhairle. Ní mór dúinn an tionchar ar ghnólachtaí beaga agus leochaileacha a mheas. Cén raon costais athchóirithe atá i gceist, ní hamháin an meánchostas £7,300 punt ach an t-íosmhéid agus an t-uasmhéid fosta? Cén dóigh a n-athróidh na costais sin de réir chineál an ghnó, de réir mhéid agus riocht na maoine nó de réir shuíomh an ghnó? An mbeidh ar ghnólachtaí na costais iomlána a íoc láithreach, nó an mbeidh deis ann comhlíonadh a chéimniú thar thréimhse réasúnta ama? An dtig údar a chur leis an mhaíomh go dtabharfar isteach na costais le méaduithe fadtéarmacha i luach maoine go háirithe i gceantair thuaithe nó i gceantair dhíothacha? Mar bhuille scoir, cén cúnamh airgid a bheidh ar fáil le tacú le gnólachtaí neamhspleácha áitiúla a n-oibleagáidí a chomhlíonadh? Caithfidh tacaíocht bheith mar chuid den réiteach. Más é an cuspóir an timpeallacht thógtha a fheabhsú agus leas an phobail a chosaint, caithfear cosaint a thabhairt dóibh siúd atá freagrach as an athrú sin a chur i gcrích fosta— ár gcomhairlí — agus dóibh siúd a mbeidh tionchar aige orthu — ár ngnólachtaí áitiúla. Tacaímid le dul chun cinn an Bhille, ach déanaimid amhlaidh go faichilleach agus le glao soiléir ar chur i bhfeidhm a bheidh cothrom, inmharthana agus maoinithe mar is ceart.

357 words. Text as published by the Northern Ireland Assembly.

Assessment

Awaiting analysis

This record has not been analysed yet. It is not counted in any total until it has been assessed.

Disagree with this assessment?

Classifications can be challenged. A person reviews every challenge, and any change is recorded publicly above with its reason.

Challenge this classification