Debate contribution: Budget (No. 2) Bill: Final Stage
Debate contribution by Mr Colm Gildernew on .
- MLA
- Mr Colm Gildernew
- Party at the time
- Sinn Féin
- Date
- 16 June 2025
- Type
- Debate contribution
- Business
- Executive Committee Business
- Heading
- Budget (No. 2) Bill: Final Stage
- Assembly identifier
- Official Report component 5011183
Read the official Assembly record
Text
Thar ceann an Choiste, tacaím leis an Chéim Dheiridh den Bhille Buiséid (Uimh. 2). Tar éis dúinn pleananna caiteachais na Roinne Pobal a scrúdú go mion tríd an timthriall buiséid seo, tá fócas an Choiste fós dírithe ar na dúshláin a bhaineann le soláthar seirbhísí do na saoránaigh is leochailí, i bhfianaise na ndálaí airgeadais a leagtar amach sa Bhille seo. Ba mhaith linn a chinntiú go gcomhlíonfaidh an Roinn a dualgais ar fud a réimse leathan freagrachtaí, lena n-áirítear spórt, oidhreacht agus na healaíona. Cé go gceadaítear maoiniú suntasach leis an Bhille, tá fócas an Choiste dírithe ar na himpleachtaí praiticiúla a bhaineann leis an socrú foriomlán. De réir mar a chuir feidhmeannaigh in iúl don Choiste, cuireann buiséad ina bhfuil easnamh suntasach ar acmhainní neamh-imfhálaithe brú mór ar na seirbhísí tábhachtacha ar an líne thosaigh – bíodh sé i gcúrsaí tithíochta agus easpa dídine, nó i measc ár n-earnálacha pobail luachmhara. Baineann ceann de phríomhábhair imní straitéiseacha an Choiste go príomha leis an spleáchas chórasach ar mhaoiniú laistigh den bhliain chun brú nach féidir a sheachaint agus tosaíochtaí dearbhaithe na Roinne. Dúirt feidhmeannaigh linn go mbeidh gá le babhtaí monatóireachta amach anseo chun bearnaí maoinithe i réimsí amhail tithíocht shóisialta agus cláir tacaíochta fostaíochta a líonadh. Cuireann an cur chuige sin, go háirithe i gcomhthéacs buiséadú aon-bhliana, bac ar phleanáil straitéiseach, agus cruthaíonn sé éiginnteacht do sholáthraithe seirbhíse agus don phobal araon. Tá dúshlán straitéiseach soiléir roimh gach Roinn. Cé go bhfuil clár bunathraithe agus athchóirithe ag an Choiste Feidhmiúcháin, is deacair – agus beidh sé deacair go fóill – an clár sin a chur i bhfeidhm nuair a bhíonn buiséid na Ranna á n-úsáid le freastal ar ghealltanais reachtúla agus chonarthacha atá ann cheana. Is ceist bhunúsach é sin a leanfaidh an Coiste de bheith á scrúdú. I ndeireadh na dála, is gá an Bille seo a rith mar ghnáthnós imeachta, ach caithfidh an plé maidir le seirbhísí poiblí inmharthana a chruthú, caithfidh sin leanúint ar aghaidh. I ndiaidh athbhreithniú cuimsitheach caiteachais Rialtas na Breataine an tseachtain seo caite, nach raibh gan dea-scéala a bheith ann, caithfidh an Coiste Feidhmiúcháin leanúint ar aghaidh le cás láidir a dhéanamh ar son samhla maoinithe ilbhliantúla a bheidh bunaithe ar riachtanais an Tuaiscirt. Sin an t-aon bhealach inmharthana amach ó bheith ag bainistiú brú airgeadais bliantúil, agus i dtreo infheistíochta straitéisí ar son leas ár bpobail. Tá a fhios agam go bhfuil an tAire Airgeadais ar aon tuairim leis an anailís sin agus go bhfuil sé tiomanta an sprioc ríthábhachtach sin a bhaint amach. I ndiaidh rith an Bhille seo inniu, díreoidh an Coiste ar an obair ríthábhachtach a bhaineann le cur i bhfeidhm an Bhuiséid a scrúdú i rith na bliana airgeadais, agus leanfaidh muid de bheith ag tabhairt na Roinne chun cuntais lena chinntiú go n-úsáidfear na cistí a cheadaítear leis an Bhille Buiséid (Uimh. 2).
478 words. Text as published by the Northern Ireland Assembly.
Assessment
Jev’s structured answers met the documented threshold for “not flagged”.
- Overall probability that the activity is being used to promote, exploit or escalate an identity-based controversy: 0.03 (flagging needs at least 0.70; at or below 0.30 is not flagged).
- None of the five culture-war criteria was met (each was below 0.60).
- Assessed as legitimate policy scrutiny (0.94).
- No identity-based framing was identified (1.00).
- The overall probability was at or below the not-flagging threshold.
This is an AI-generated assessment of the text, made against published criteria. It is not a finding of fact about the MLA or their intentions. The Assembly record itself is the fact.
Jev’s structured answers
| Question | Probability | Met? |
|---|---|---|
| Identity framing | 0.02 | No |
| Sectarian or communal antagonism | 0.02 | No |
| Cultural grievance politics | 0.02 | No |
| Dog-whistle messaging | 0.02 | No |
| Controversy escalation | 0.02 | No |
| Legitimate policy scrutiny | 0.94 | Yes |
| Overall judgement | 0.03 | At or below not-flagging threshold |
| Option | Probability |
|---|---|
| No identity-based framing (chosen) | 1.00 |
| Reports or questions it | 0.00 |
| Criticises or condemns it | 0.00 |
| Adopts it | 0.00 |
| Subject | Probability |
|---|---|
| No identity-related subject | 0.58 |
| Irish language, Ulster-Scots and language policy | 0.27 |
| Sport (including the GAA), the arts and cultural bodies | 0.15 |
| Flags, emblems, symbols, names and memorials | 0.00 |
| Parades, bonfires and commemorations | 0.00 |
Assessed 21 October 2026 at 12:53 UTC by jev-1.13.0 (requested as typesafe/jev) under rubric 2026.10-r9, methodology 1.9.
Disagree with this assessment?
Classifications can be challenged. A person reads every challenge, and any change is recorded publicly above with its reason.