Debate contribution: Assembly Members (Remuneration Board) Bill: Final Stage
Debate contribution by Mr Maolíosa McHugh on .
- MLA
- Mr Maolíosa McHugh
- Party at the time
- Sinn Féin
- Date
- 16 June 2025
- Type
- Debate contribution
- Business
- Assembly Business
- Heading
- Assembly Members (Remuneration Board) Bill: Final Stage
- Assembly identifier
- Official Report component 5010197
Read the official Assembly record
Text
I gcroílár an Bhille seo, tá prionsabal simplí, ach má tá sé simplí féin tá sé fíorthábhachtach: má tá athruithe le déanamh ar thuarastail Comhaltaí den Tionól Reachtach, ba chóir sin a dhéanamh go neamhspleách. Cinnteofar le the Assembly Members (Independent Remuneration Board) Bill gur ar fhoras neamhspleách seachtrach a bheidh an fhreagracht sin. Tuigeann Sinn Féin an imní a bhíonn ar dhaoine nuair a fheictear go bhfuil polaiteoirí ag socrú a dtuarastail féin. Baineann dearcadh den chineál sin de chreidiúnacht ionadaithe tofa. Níor cheart do Chomhaltaí aon chur isteach bheith acu agus a dtuarastal á shocrú. Caithfidh institiúidí daonlathacha an chothroime agus an oscailteacht a léiriú. Cinnteoidh bord luach saothair neamhspleách úr go mbeidh an chothroime agus an oscailteacht ann i dtaca le pá na gComhaltaí de. Ní hé amháin gur chóir sin a dhéanamh; is é rud gur gá sin a dhéanamh. Cuirfidh sé le creidiúnacht, le cothroime agus le hoscailteacht na háite seo feasta.
157 words. Text as published by the Northern Ireland Assembly.
Assessment
Awaiting analysis
This record has not been analysed yet. It is not counted in any total until it has been assessed.
Disagree with this assessment?
Classifications can be challenged. A person reviews every challenge, and any change is recorded publicly above with its reason.