Debate contribution: Valuing the Arts

Debate contribution by Mr Maolíosa McHugh on .

MLA
Mr Maolíosa McHugh
Party at the time
Sinn Féin
Date
17 June 2025
Type
Debate contribution
Business
Opposition Business
Heading
Valuing the Arts
Assembly identifier
Official Report component 5013970

Text

Ar dtús, gabhaim buíochas leis na Comhaltaí as an rún seo a thabhairt os comhair an Tí, agus is mór agam an deis seo le plé a dhéanamh ar an dóigh a gcuireann na healaíona leis an tsochaí. Mar bhall de Chomhaltas Ceoltóirí Éireann, tá suim mhór agam sna healaíona, agus tá a fhios agam, ó mo thaithí féin, go saibhríonn na healaíona agus an cultúr saol na ndaoine sin a ghlacann páirt iontu. Is léir go bhfuil ré órga ann do na healaíona agus don léiriú ealaíonta. Tá ár dtionscail chruthaitheacha ag déanamh éachta, agus tá siad ag fáil an mheasa atá tuillte acu ar fud an domhain as. Níl le déanamh againn ach smaoineamh ar an rath a bhí ar chláir teilifíse agus scannáin amhail ‘Game of Thrones’, ‘Blue Lights’, ‘An Irish Goodbye’ agus ‘Belfast’ chomh maith le ceoltóirí mar shampla Kneecap leis an tionchar atá ag ealaíontóirí ón Tuaisceart ar an ardán domhanda a thuiscint. Ach ainneoin a bhfuil de chruthaitheacht agus de thallann ag ár muintir, caithfidh siad deiseanna a bheith acu lena gcumas a léiriú. Rinne an Coiste Pobal plé leitheadach le hearnáil na n-ealaíon le cúpla mí anuas. Chuala muid faoi na dúshláin atá roimpi, agus d’oibrigh muid leo le teacht ar réitigh inbhuanaithe a chosnóidh na healaíona do na glúnta atá le teacht. Ar ndóigh, maoiniú an mórdhúshlán. Is fíor nach mbíonn go leor maoinithe ar fáil in am ar bith d’earnáil na n-ealaíon. Faigheann an Chomhairle Ealaíon anseo thart ar leath an mhaoinithe a fhaigheann a macasamhail in Albain agus sa Bhreatain Bheag, rud a chuireann teorainn mhór leis an tacaíocht is féidir a thabhairt do ghrúpaí agus d’ealaíontóirí aonair. Is cúis mhór frustrachais í an easpa maoinithe do go leor ealaíontóirí, agus iad ag comhrac le costais atá ag síor-ardú, agus iad ag caitheamh ama ag streachailt le maoiniú gearrthéarmach tionscadal-bhunaithe a fháil, rud a dhéanann pleanáil fhadtéarmach agus, fostaíocht shlán a sholáthar an-chasta. Cuireann ealaíontóirí in iúl arís agus arís eile na himní atá orthu faoi na litreacha tairisceana ón Chomhairle Ealaíon a bheith ag teacht an-mhall — b’fhéidir míonna i ndiaidh thús na bliana airgeadais, rud a thugann ar ealaíontóirí a ndolaí a dhíol as a bpócaí féin. Léiríonn na ceisteanna sin an tábhacht atá le maoiniú ilbhliantúil d’earnáil na n-ealaíon. Tugann an t-athbhreithniú caiteachais deireannach deis dúinn, den chéad uair le 10 mbliana, Buiséad ilbhliantúil a bheith againn, rud a thabharfaidh cinnteacht d’eagraíochtaí ealaíon le réamhphleanáil a dhéanamh. Tá a fhios againn go léir go bhfuil an t-airgead gann agus go dtabharfar tús áite do sheirbhísí tosaigh amhail sláinte agus oideachas.

433 words. Text as published by the Northern Ireland Assembly.

Assessment

Awaiting analysis

This record has not been analysed yet. It is not counted in any total until it has been assessed.

Disagree with this assessment?

Classifications can be challenged. A person reviews every challenge, and any change is recorded publicly above with its reason.

Challenge this classification