Member's statement: Lá Domhanda na nDeontóirí Fola

Member's statement by Mr Maolíosa McHugh on .

MLA
Mr Maolíosa McHugh
Party at the time
Sinn Féin
Date
10 June 2025
Type
Member's statement
Business
Members' Statements
Heading
Lá Domhanda na nDeontóirí Fola
Assembly identifier
Official Report component 5000953

Text

Beidh Lá Domhanda na nDeontóirí Fola ann Dé hAoine. Beifear ag ceiliúradh ar fud an domhain an lá sin, a Cheann Comhairle, ag moladh na milliún daoine a thugann a gcuid fola go deonach gach bliain le beo daoine eile a shábháil, daoine nach gcasfar go deo orthu, is dócha. Lá atá ann le buíochas a ghlacadh leis na deontóirí flaithiúla sin uile go léir, ach, ina theannta sin, a Cheann Comhairle, lá atá ann le béim a chur ar an ghéarghá atá le deonuithe fola atá rialta, sábháilte. Is é téama an lae i mbliana an dóchas: an dóchas a thugann deontóirí le gach deoir fola dá dtugann siad. Ó tharla na milliúin othar ar fud an domhain ag brath ar an fhuilaistriú lena mbeo a shábháil, is amhlaidh gurb iad na deontóirí a ndóchas. Is iad cuspóirí an fheachtais i mbliana ná feasacht na ndaoine a ardú ar an ghéarghá atá le deonuithe fola agus plasma agus ar an difear a dhéanann na deonuithe sin do shaol na n-othar; daoine atá ina ndeontóirí cheana féin agus deontóirí nua a spreagadh le fuil a thabhairt go rialta sa chruth go mbeidh soláthar buan, dóthanach fola ann; tacaíocht a fháil ó na Rialtais agus ó pháirtithe foráis le hairgead a chur isteach i gcláir náisiúnta fola ionas go mbeidh teacht ag gach aon duine ar fud an domhain ar an fhuilaistriú. Gabhaim buíochas leis na deontóirí fola uile go léir atá againn, molaim iad as a bhflaithiúlacht, agus iarraim ar gach duine is féidir smaoineamh ar fhuil a dheonú. Den dóchas an deonú.

263 words. Text as published by the Northern Ireland Assembly.

Assessment

Awaiting analysis

This record has not been analysed yet. It is not counted in any total until it has been assessed.

Disagree with this assessment?

Classifications can be challenged. A person reviews every challenge, and any change is recorded publicly above with its reason.

Challenge this classification