Member's statement: Seachtain Dhomhanda na Náisiún Aontaithe um Shábháilteacht ar Bhóithre

Member's statement by Mr Maolíosa McHugh on .

MLA
Mr Maolíosa McHugh
Party at the time
Sinn Féin
Date
13 May 2025
Type
Member's statement
Business
Members' Statements
Heading
Seachtain Dhomhanda na Náisiún Aontaithe um Shábháilteacht ar Bhóithre
Assembly identifier
Official Report component 4947498

Text

Déanaimid Seachtain Dhomhanda na Náisiún Aontaithe um Shábháilteacht ar Bhóithre a cheiliúradh an tseachtain seo. Tá gortuithe tráchta ar bhóithre ar cheann de na príomhchúiseanna báis agus míchumais ar fud an domhain: maraítear beagnach 1.2 milliún duine agus gortaítear 50 milliún duine gach bliain i dtaismí bóthair. Is iad is mó is cúis bháis do dhaoine óga idir cúig bliana agus 29 mbliana d'aois. Is coisí nó rothaí é duine as gach ceathrar a mharaítear ar fud an domhain. Is ar shábháilteacht coisithe agus rothaithe atáimid a dhíriú ár n-airde an tseachtain seo, agus is amhlaidh is cóir. Idir 2012 agus 2022, gortóidh beagnach 3,000 rothaí ar ár mbóithre. Ainneoin ár ndíchill, agus ainneoin a raibh ann d’fheachtais, níor tháinig aon titim ar líon na ndaoine a gortaíodh. Anuraidh, sna Sé Chontae is Fiche, is coisithe, rothaithe agus úsáideoirí r-scútair 40% daoibh sin a maraíodh ar na bóithre. Is eol dúinn uile na deacrachtaí bonneagair atá againn. Mar sin de, molaimid do dhaoine modh eile iompair a úsáid leis an bhrú tráchta a éascú agus le cuidiú leis an timpeallacht. Agraím daoine a bheith ar a n-airdeall agus iad ag taisteal ar ár mbóithre. Tá freagracht ar gach duine againn muid féin, agus an mhuintir atá thart orainn, a choinneáil slán. Ba chóir do gach aon duine atá ag taisteal ar ár mbóithre ceann cúrsa a bhaint amach.

228 words. Text as published by the Northern Ireland Assembly.

Assessment

Awaiting analysis

This record has not been analysed yet. It is not counted in any total until it has been assessed.

Disagree with this assessment?

Classifications can be challenged. A person reviews every challenge, and any change is recorded publicly above with its reason.

Challenge this classification