Member's statement: Lá Domhanda na Sábháilteachta agus na Sláinte san Obair
Member's statement by Mr Pat Sheehan on .
- MLA
- Mr Pat Sheehan
- Party at the time
- Sinn Féin
- Date
- 6 May 2025
- Type
- Member's statement
- Business
- Members' Statements
- Heading
- Lá Domhanda na Sábháilteachta agus na Sláinte san Obair
- Assembly identifier
- Official Report component 4929239
Read the official Assembly record
Text
Bhí Lá Domhanda na Sábháilteachta agus na Sláinte san Obair ann an tseachtain seo a chuaigh thart. Tá sé tábhachtach aitheantas a thabhairt don obair atá ag dul ar aghaidh le háiteanna oibre a dhéanamh níos sábháilte agus níos sláintiúla. Thuairiscigh Feidhmeannacht Sláinte agus Sábháilteachta Thuaisceart Éireann gur cailleadh 19 n-oibrí san áit oibre sa Tuaisceart le linn 2022. Sa tréimhse chéanna, tuairiscíodh gur gortaíodh 239 nduine go trom. Bheir na figiúirí don bhliain 2023 le fios dúinn go bhfuair 10 bás agus gur gortaíodh 233 dhuine san áit oibre. Is fíor gur laghdú é sin, agus laghdú a gcuirimid fáilte roimhe, mar sin féin, ní thig linn ár maidí a ligean le sruth. Tá an líon i bhfad ró-ard go fóill. Is tubaiste é nuair a mharaítear duine ar bith i dtaisme san áit oibre, nó fágann siad ina ndiaidh teaghlach a bheas faoi bhrón is faoi chrá croí lena mbeo. Ní leor dúinn bheith ag caint ar shábháilteacht san áit oibre — caithfimid beart a dhéanamh de réir ár mbriathair. Caithfear infheistíocht chuí a dhéanamh i gcórais sábháilteachta, san oiliúint agus sa mhaoirseacht. Lena chois sin, caithfimid cultúr a chothú ina dtabharfar tús áite do shláinte agus do shábháilteacht na n-oibrithe. Tá freagracht orainn uilig sa Tionól, go háirithe agus beartais phoiblí á leagan amach againn, tá freagracht orainn a chinntiú go ndéantar gach beart is féidir le líon na dtaismí agus na mbásanna san áit oibre a laghdú, agus a laghdú go mór. An té a théann chun a chuid oibre ar maidin ba chóir dó bheith cinnte go bhfillfeadh sé chun an bhaile go slán sábháilte tráthnóna. Mar sin de, iarraim ar an Tionól seasamh go diongbháilte lena ngealltanas áiteanna oibre sábháilte córa a chruthú do chách, beag beann ar an earnáil a bhfuil siad ag obair inti nó an taobh tíre arb as iad.
309 words. Text as published by the Northern Ireland Assembly.
Assessment
Jev’s structured answers met the documented threshold for “not flagged”.
- Overall probability that the activity is being used to promote, exploit or escalate an identity-based controversy: 0.02 (flagging needs at least 0.70; at or below 0.30 is not flagged).
- None of the five culture-war criteria was met (each was below 0.60).
- Assessed as legitimate policy scrutiny (0.89).
- No identity-based framing was identified (1.00).
- The overall probability was at or below the not-flagging threshold.
This is an AI-generated assessment of the text, made against published criteria. It is not a finding of fact about the MLA or their intentions. The Assembly record itself is the fact.
Jev’s structured answers
| Question | Probability | Met? |
|---|---|---|
| Identity framing | 0.02 | No |
| Sectarian or communal antagonism | 0.02 | No |
| Cultural grievance politics | 0.02 | No |
| Dog-whistle messaging | 0.02 | No |
| Controversy escalation | 0.02 | No |
| Legitimate policy scrutiny | 0.89 | Yes |
| Overall judgement | 0.02 | At or below not-flagging threshold |
| Option | Probability |
|---|---|
| No identity-based framing (chosen) | 1.00 |
| Reports or questions it | 0.00 |
| Criticises or condemns it | 0.00 |
| Adopts it | 0.00 |
| Subject | Probability |
|---|---|
| No identity-related subject | 0.87 |
| Irish language, Ulster-Scots and language policy | 0.11 |
| Gender, sexuality, abortion and related social issues | 0.01 |
| Disability (including neurodivergence and mental health), disabled people and disability or sickness benefits | 0.01 |
| Flags, emblems, symbols, names and memorials | 0.00 |
Assessed 21 October 2026 at 12:23 UTC by jev-1.13.0 (requested as typesafe/jev) under rubric 2026.10-r9, methodology 1.9.
Disagree with this assessment?
Classifications can be challenged. A person reads every challenge, and any change is recorded publicly above with its reason.