Member's statement: Lá Idirnáisiúnta an Spóirt ar son Forbartha agus Síochána

Member's statement by Mr Declan Kearney on .

MLA
Mr Declan Kearney
Party at the time
Sinn Féin
Date
1 April 2025
Type
Member's statement
Business
Members' Statements
Heading
Lá Idirnáisiúnta an Spóirt ar son Forbartha agus Síochána
Assembly identifier
Official Report component 4876534

Text

Meastar go mbíonn 3·7 billiún duine ag amharc ar spóirt ar fud an domhain gach seachtain. Úsáideann lucht leanúna spóirt taispeántais ildaite le tacú lena bhfoirne, agus úsáideann cuid acu na taispeántais chéanna le dlúthpháirtíocht a léiriú le feachtais éagsúla. Is amhlaidh an scéal in Éirinn agus ár gcluichí á n-imirt. Ardaíonn lucht leanúna spóirt bratacha gach seachtain beag beann ar an fhoireann a bhfuil ag tacú leo. Tapóidh lucht leanúna Chumann Lúthchleas Gael an deis leis an chúis sin a chur chun tosaigh, cúis atá Lá Idirnáisiúnta an Spóirt ar son Forbartha agus Síochána a cheiliúradh. Le déanaí, bhí Gaeil ar son Gaza ar thús cadhnaíochta, agus iad ag reáchtáil agóidí, bigilí agus cluichí carthanachta ar son mhuintir na Palaistíne atá faoi leatrom. Ar na mallaibh bunaíodh Cumann Lúthchleas Gael na Palaistíne in Ramallah. Ar chuid geansaithe an chumainn tá suaitheantais a bhaineann le cearta an duine a chur chun cinn. Is dea-shampla é sin den dóigh ar féidir le spóirt an tsíocháin a chur chun cinn. Mar sin, go n-éirí libh, a Chumann Lúthchleas Gael na Palaistíne, agus gura fada buan an dlúthpháirtíocht idirnáisiúnta.

186 words. Text as published by the Northern Ireland Assembly.

Assessment

Awaiting analysis

This record has not been analysed yet. It is not counted in any total until it has been assessed.

Disagree with this assessment?

Classifications can be challenged. A person reviews every challenge, and any change is recorded publicly above with its reason.

Challenge this classification