Debate contribution: Irish Language Strategy
Debate contribution by Mr Maolíosa McHugh on .
- MLA
- Mr Maolíosa McHugh
- Party at the time
- Sinn Féin
- Date
- 18 March 2025
- Type
- Debate contribution
- Business
- Private Members' Business
- Heading
- Irish Language Strategy
- Assembly identifier
- Official Report component 4860538
Read the official Assembly record
Text
Is geal liom deis a bheith agam labhairt ar an rún seo agus iarraidh ar an Aire Pobal straitéis Ghaeilge a chur i bhfeidhm faoi dheireadh thiar thall. Chuala muid ag an Choiste Pobal an tseachtain seo caite an díomá atá ar Chonradh na Gaeilge go bhfuil straitéis Ghaeilge go fóill gan déanamh agus nach bhfuil an tAire sásta buaileadh leis an eagraíocht sin ná amlíne a thabhairt maidir le straitéis Ghaeilge. D’éist mé leis an Aire le déanaí agus é ag tabhairt isteach an Bhille um Theanga Chomharthaíochta agus é á rá gur thuig sé an tábhacht a bhaineann le teanga, le cultúr teanga agus an tionchar atá ag teanga ar an tsochaí i gcoitinne ó thaobh comhionannas deiseanna de. Mar sin de, cuirim an cheist seo: Cad chuige a nglacann sé an oiread sin ama le straitéis Ghaeilge a fhorbairt? Tá sé de dhualgas ar an Aire straitéis Ghaeilge a thabhairt isteach, straitéis lena leagfar amach go soiléir spriocanna i dtaca le dul chun cinn agus forbairt na Gaeilge go ceann 20 bliain, agus lena gcinnteofar go mbeidh maoiniú cuí ann leis an straitéis a chur chun feidhme. Aithním an dul chun cinn a rinneadh faoin choimisinéir teanga atá le ceapadh agus an Acht Féiniúlachta agus Teanga a ritheadh i bParlaimint na Breataine i dtaca leis, agus is ar an ábhar sin atá frustrachas orm go bhfuilimid go fóill ag fanacht sa dlínse seo le straitéis Ghaeilge, straitéis leis an bhealach chun cinn a leagan amach do phobal na Gaeilge atá ag fás i méid agus i mbrí i rith an ama. Tá a shárfhios agam faoi na constaicí i mbealach phobal na Gaeilge, go háirithe na constaicí a cheapann an fás. Ní hé amháin go bhfuil géarghá le tuilleadh múinteoirí oilte i ngach ábhar le freastal ar an éileamh atá ann sna Gaelscoileanna, ach ina theannta sin, tá gá le múinteoirí a bhfuil Gaeilge acu agus atá oilte go leibhéal a 5 i gcúram leanaí le riar ar an éileamh ar áiteanna réamhscoile trí mheán na Gaeilge. Dhéanfaí saincheisteanna mar sin a thabhairt chun solais agus a réiteach le straitéis Ghaeilge. Is doiligh deireadh iontais a dhéanamh d’fhás na teanga, ní hé amháin i measc na ndaoine a bhfuil an teanga acu cheana féin, ach i measc an phobail i gcoitinne atá ag tnúth leis an teanga a fhoghlaim. Tá níos mó daoine ag glacadh leis an teanga, go háirithe an mhuintir óga a fhaigheann spreagadh ón dóigh a bhfuil ag éirí le grúpaí óga ard-éirime ar nós Kneecap nó le daoine eile sna scannáin Ghaeilge. Is í an Ghaeilge teanga dhúchais na tíre seo agus, leoga, tá sí ar cheann de na teangacha is sine ar domhan. Tá sí thart timpeall orainn in ainmneacha na gcontaetha, na mbailte fearainn, na mbailte móra agus na gcathracha againn. An té a bhfuil Gaeilge aige, tá cur amach aige ar na logainmneacha agus ar an cheantar a ndéanann sé cónaí ann. Baineann teanga leis an chumarsáid, an tuiscint, an meas, an cultúr agus an ghaois. Ní thuigim, mar sin, cad chuige a mothaíonn duine ar bith faoi bhagairt ag an Ghaeilge. Is ar an ábhar sin ba cheart straitéis Ghaeilge a bheith ann: leis an lánpháirtíocht a spreagadh; caidreamh pobail agus tuiscint an phobail a chothú; agus deiseanna a chur ar fáil do gach duine.
556 words. Text as published by the Northern Ireland Assembly.
Assessment
Awaiting analysis
This record has not been analysed yet. It is not counted in any total until it has been assessed.
Disagree with this assessment?
Classifications can be challenged. A person reviews every challenge, and any change is recorded publicly above with its reason.