Debate contribution: Irish Language Strategy
Debate contribution by Mr Patsy McGlone on .
- MLA
- Mr Patsy McGlone
- Party at the time
- Social Democratic and Labour Party
- Date
- 18 March 2025
- Type
- Debate contribution
- Business
- Private Members' Business
- Heading
- Irish Language Strategy
- Assembly identifier
- Official Report component 4860489
Read the official Assembly record
Text
Ar dhóigh amháin, cuirim fáilte roimh an rún atá os ár gcomhair inniu, ach, ar dhóigh eile, aisteach go leor, fógraíodh straitéis i gClár Rialtas an Choiste Feidhmiúcháin cheana féin. Cibé ar bith, tacaím leis an rún agus leis an leasú. Ach, ar ndóigh, tástáil na putóige a hithe. Cuir i gcás foras uile-Éireann ár dteanga, Foras na Gaeilge. I dtaca le comhaoiniú an fhorais, tá Rialtas na hÉireann toilteanach a chuid a íoc, ach Coiste Feidhmiúchán na bhfocal deas — beidh le féacháil. Fillimis ar an straitéis agus ar na tosaíochtaí. Ar an chéad dul síos bhí an teanga le haitheantas oifigiúil agus creatlach dlí a fháil. Ba chóir go leanfadh an straitéis ar aghaidh leis na forálacha a tugadh isteach faoi Acht Féiniúlachta agus Teanga (Tuaisceart Éireann) 2022, a thug stádas oifigiúil don teanga. Ba chóir go gclúdódh sé seo ceapachán Coimisinéara Gaeilge agus bunú Oifig um Fhéiniúlacht agus Léiriú Cultúrtha le tionscadail teanga a mhaoirsiú agus a chur chun cinn. Ba chóir don straitéis aghaidh a thabhairt ar oideachas agus oiliúint múinteoirí, nó tá gá le cur leis an líon scoileanna lán-Ghaeilge. Ba chóir don straitéis na nithe seo leanas a dhéanamh: tacú le forbairt bhreise na nGaelscoileanna; cur le clár oiliúna na múinteoirí le go dtig leo freastal ar an éileamh mhéadaithe ar oideachas trí mheán na Gaeilge; forbairt a dhéanamh ar Ghaelcholáistí i gceantair ar nós Bhéal Feirste, Chathair Dhoire, iarthar Thír Eoghain, agus, ar ndóigh, i mo cheantar féin lár Uladh. Tá an cheist seo agam ar an Choiste Feidhmiúcháin: an bhfuil fáth leis nár luaíodh an Ghaelscolaíocht sa Chlár Rialtais a d’fhógair siad? Is príomhphointe iad fosta na meáin agus cur chun cinn an chultúir. Ba chóir go gcuirfidh an straitéis le tarraingteacht na Gaeilge tríd na nithe seo a leanas: tacú le craoltóireacht, litríocht, ceol agus imeachtaí cultúrtha agus spreagadh a thabhairt d’ealaíontóirí agus do ghrúpaí a úsáideann an Ghaeilge mar chuid dá gcultúr agus dá gcleachtadh cruthaitheach. Ba chóir don straitéis béim a chur ar sholáthar seirbhísí pobail tríd an Ghaeilge; ar chomharthaíocht dhátheangach i gceantair ina bhfuil ráchairt ar an Ghaeilge. Ba chóir dlíthe tábhachtacha a aistriú go Gaeilge, mar a mhol Comhairle na hEorpa. Tá ról tábhachtach ag an Choiste Feidhmiúcháin uilig ina leith siúd. Ba chóir go gcuirfí béim ar fhorbairt na Gaeilge ar leibhéal an phobail trí mhaoiniú a thabhairt d’ionaid phobail ina bhfuil ranganna Gaeilge agus imeachtaí sóisialta; ba chóir líonraí Gaeilge, mar shampla, in iarthar Bhéal Feirste agus i gCarn Tóchair, a fhorbairt agus a chothú; agus —.
Cinnte, a chara.
Ar ndóigh. Molaim go hard Oifig an Cheann Comhairle as ucht an mhéid eolais agus oideachais a tugadh dúinn le linn na hócáide a reachtáil an Ceann Comhairle maidir leis an teanga Ghaeilge agus an teanga Gàidhlig. Bhí sé iontach spreagúil. Sa deireadh, ba mhaith liom rud a rá faoin chomhthéacs polaitíochta agus cultúrtha, nó tá na pointí an-tábhachtach fosta. Tá sé tábhachtach go gcuirtear an Ghaeilge chun cinn ar bhealach atá cuimsitheach agus measúil ar éagsúlacht chultúrtha Thuaisceart Éireann. Ba chóir don straitéis díriú ar chomhthuiscint agus ar chaidreamh maith idir na pobail éagsúla. Tá sé sin barrthábhachtach sa chruth is go mbeidh tuiscint againn ar a chéile. Tá sé lán chomh tábhachtach go gcuireann an Coiste Feidhmiúcháin tús ar an straitéis, má tá siad le bheith fíor dá gcáipéis féin.
558 words. Text as published by the Northern Ireland Assembly.
Assessment
Jev’s structured answers met the documented threshold for “not flagged”.
- Overall probability that the activity is being used to promote, exploit or escalate an identity-based controversy: 0.09 (flagging needs at least 0.70; at or below 0.30 is not flagged).
- None of the five culture-war criteria was met (each was below 0.60).
- Assessed as legitimate policy scrutiny (0.88).
- No identity-based framing was identified (0.99).
- Subject area: Irish language, Ulster-Scots and language policy.
- The overall probability was at or below the not-flagging threshold.
This is an AI-generated assessment of the text, made against published criteria. It is not a finding of fact about the MLA or their intentions. The Assembly record itself is the fact.
Jev’s structured answers
| Question | Probability | Met? |
|---|---|---|
| Identity framing | 0.11 | No |
| Sectarian or communal antagonism | 0.02 | No |
| Cultural grievance politics | 0.31 | No |
| Dog-whistle messaging | 0.08 | No |
| Controversy escalation | 0.10 | No |
| Legitimate policy scrutiny | 0.88 | Yes |
| Overall judgement | 0.09 | At or below not-flagging threshold |
| Option | Probability |
|---|---|
| No identity-based framing (chosen) | 0.99 |
| Reports or questions it | 0.00 |
| Criticises or condemns it | 0.01 |
| Adopts it | 0.00 |
| Subject | Probability |
|---|---|
| Irish language, Ulster-Scots and language policy | 1.00 |
| No identity-related subject | 0.00 |
| Flags, emblems, symbols, names and memorials | 0.00 |
| Parades, bonfires and commemorations | 0.00 |
| Sport (including the GAA), the arts and cultural bodies | 0.00 |
Assessed 21 October 2026 at 12:10 UTC by jev-1.13.0 (requested as typesafe/jev) under rubric 2026.10-r9, methodology 1.9.
Disagree with this assessment?
Classifications can be challenged. A person reads every challenge, and any change is recorded publicly above with its reason.