Member's statement: Féilte Cultúrtha na hÉireann
Member's statement by Mr Pat Sheehan on .
- MLA
- Mr Pat Sheehan
- Party at the time
- Sinn Féin
- Date
- 24 March 2025
- Type
- Member's statement
- Business
- Members' Statements
- Heading
- Féilte Cultúrtha na hÉireann
- Assembly identifier
- Official Report component 4864509
Read the official Assembly record
Text
Tá coicís ó shin, thug mé ráiteas os comhair an Tionóil inar mhol mé Coiste Uladh as a chinneadh an cluiche craoibhe idir Aontroim agus Ard Mhacha a imirt in Aontroim. Ach chuathas siar ar an chinneadh sin ó shin, agus seasaim le foireann Aontroma agus iad ag déanamh a gcáis lena mbuntáiste baile a choinneáil. Déanaim comhghairdeas le heagraithe Fhéile an Earraigh agus Sheachtain na Gaeilge agus gabhaim buíochas leo as coicís d’imeachtaí a eagrú i mo thoghcheantar: imeachtaí ceoil, laetha spraoi agus seoltaí leabhair, gan ach cuid imeachtaí a lua. Saibhríonn na himeachtaí sin ár bpobal, pé acu as Gaeilge nó as Béarla iad. Guím gach rath orthu sna blianta agus sna féilte amach romhainn. Go dlúth sna sála ag an dá fhéile rathúla sin atá mé i ndiaidh a lua, fógraíodh go mbeidh Fleadh Cheoil na hÉireann á cheiliúradh i mBéal Feirste sa bhliain 2026 — an ceiliúradh is mó ar domhan ar chultúr agus ar cheol na hÉireann. Meastar gur fhreastail breis agus leath-mhilliún duine ar imeachtaí na fleidhe anuraidh. Is dea-scéala amach is amach é sin, agus ba mhór a rachas an borradh eacnamaíochta sin chun sochair don toghcheantar. Scéala é a thógfas croí agus meanma ár saoránach agus ár ngnólachtaí, agus is cinnte go mbeidh tionchar dearfach aige ar ár bpobail go ceann na mblianta fada. Comhghairdeas le Comhairle Cathrach Bhéal Feirste as glacadh le hiarratas Chomhaltas Ceoltóirí Éireann.
235 words. Text as published by the Northern Ireland Assembly.
Assessment
Jev’s structured answers met the documented threshold for “not flagged”.
- Overall probability that the activity is being used to promote, exploit or escalate an identity-based controversy: 0.10 (flagging needs at least 0.70; at or below 0.30 is not flagged).
- None of the five culture-war criteria was met (each was below 0.60).
- No identity-based framing was identified (0.96).
- Subject area: Sport (including the GAA), the arts and cultural bodies.
- The overall probability was at or below the not-flagging threshold.
This is an AI-generated assessment of the text, made against published criteria. It is not a finding of fact about the MLA or their intentions. The Assembly record itself is the fact.
Jev’s structured answers
| Question | Probability | Met? |
|---|---|---|
| Identity framing | 0.18 | No |
| Sectarian or communal antagonism | 0.02 | No |
| Cultural grievance politics | 0.08 | No |
| Dog-whistle messaging | 0.03 | No |
| Controversy escalation | 0.14 | No |
| Legitimate policy scrutiny | 0.09 | No |
| Overall judgement | 0.10 | At or below not-flagging threshold |
| Option | Probability |
|---|---|
| No identity-based framing (chosen) | 0.96 |
| Reports or questions it | 0.02 |
| Criticises or condemns it | 0.00 |
| Adopts it | 0.02 |
| Subject | Probability |
|---|---|
| Sport (including the GAA), the arts and cultural bodies | 0.50 |
| Irish language, Ulster-Scots and language policy | 0.49 |
| Sectarianism, hate crime and community relations | 0.01 |
| No identity-related subject | 0.00 |
| Flags, emblems, symbols, names and memorials | 0.00 |
Assessed 21 October 2026 at 12:10 UTC by jev-1.13.0 (requested as typesafe/jev) under rubric 2026.10-r9, methodology 1.9.
Disagree with this assessment?
Classifications can be challenged. A person reads every challenge, and any change is recorded publicly above with its reason.