Debate contribution: International Women’s Day 2025

Debate contribution by Ms Aisling Reilly on .

MLA
Ms Aisling Reilly
Party at the time
Sinn Féin
Date
4 March 2025
Type
Debate contribution (made as a minister)
Business
Private Members' Business
Heading
International Women’s Day 2025
Assembly identifier
Official Report component 4833586

Text

Agus muid ag tabhairt aghaidh ar Lá Idirnáisiúnta na mBan, ba mhaith liom labhairt ar chúpla ábhar a bhaineann leis na mná go ginearálta. Fiú sa bhliain 2025, tá bearna ann idir pá na mban agus pá na bhfear. Níl sin inghlactha. Tá fáthanna difriúla leis sin: tá i bhfad níos mó ban ná fear ag obair go páirtaimseartha; bíonn ar na mná sosanna gairme a ghlacadh le clann a thógáil; agus tá níos mó ban ag tabhairt aire do dhaoine sa bhaile go ginearálta. Tá dualgas ar chomhlachtaí agus ar eagraíochtaí na bearnaí sin a dhruidim agus cothrom na Féinne a thabhairt do mhná ar fud na tire. Tá an Coiste Feidhmiúcháin ag obair air sin fosta, tríd an chuidiú le costais cúraim leanaí, mar shámpla. Is mná is mó a bhíonn sa bhaile ag tabhairt cúram do leanaí, rud a chuireann bac orthu fostaíocht agus taithí oibre a fháil agus a chuireann bac orthu dul chun cinn ina saol gairmiúil agus, sa deireadh, ardú páighe a fháil. Tá straitéis sláinte ar leith de dhíth do na mná. Aithníonn níos mó daoine go bhfuil géarghá le straitéis sláinte na mban a dhíríonn isteach ar dhifríochtaí inscne agus ar thorthaí sláinte dearfacha do chailíní agus do mhná. Cuirim fáilte roimh an phlean gnímh ar shláinte na mban a d’fhógair an tAire Sláinte. Ach tá straitéis ar leith de dhíth a bhfuil maoiniú agus tacaíocht ag gabháil léi. Is fadhb phráinneach ollmhór é an foréigean ar na mná in Éirinn agus níos faide i gcéin. Tá na Sé Chontae ar cheann de na háiteanna is contúirtí san Eoraip do na mná. Dár ndóigh, tá straitéis ar leith i bhfeidhm ag Oifig an Choiste Feidhmiúcháin, agus cuireadh maoiniú ar fáil do na comhairlí áitiúla le dul amach chuig grúpaí. Cuirfear cláir oideachais, céardlanna, áiseanna praiticiúla ar fáil agus níos mó arís leis an airgead sin. Caithfidh gach Roinn, gach earnáil agus gach cuid dár bpobal úinéireacht a ghlacadh ar an obair sin a chur i bhfeidhm le go mbeidh domhan ann ina bhfuil gach aon cháilín agus gach aon bhean sábháilte agus meas orthu. Tá na mná ag tabhairt aghaidh ar na saincheisteanna a luaigh mé. Mar ionadaithe poiblí, caithfimidne bheith ag obair go dian leis na bacainní sin a bhriseadh síos agus sochaí níos cothroime a chruthú. Lá Idirnáisiúnta sona na mBan daoibh go léir. Déanaimis ceiliúradh ar an lá seo agus ar an dul chun cinn a rinneadh, ach coinnimís linn ag brú le tuilleadh athruithe a fháil.

418 words. Text as published by the Northern Ireland Assembly.

Assessment

Awaiting analysis

This record has not been analysed yet. It is not counted in any total until it has been assessed.

Disagree with this assessment?

Classifications can be challenged. A person reviews every challenge, and any change is recorded publicly above with its reason.

Challenge this classification