Member's statement: Haemacrómatóis Ghéiniteach

Member's statement by Mr Maolíosa McHugh on .

MLA
Mr Maolíosa McHugh
Party at the time
Sinn Féin
Date
4 March 2025
Type
Member's statement
Business
Members' Statements
Heading
Haemacrómatóis Ghéiniteach
Assembly identifier
Official Report component 4832771

Text

Pléifidh mé an haemacrómatóis ghéiniteach. Tá níos mó eolais ag daoine ar an fhadhb sláinte sin de bharr feachtas teilifíse a rinneadh le deireannas. Lena chois sin, bhí imeacht san Áiléar Fhada le haird a tharraingt ar an cheist. Déantar an haemacrómatóis ghéiniteach a rangú mar ghalar neamhchoitianta. Tá an galar sin ag caitheamh ar dhuine as gach deichniúr, ach, is léir nach galar neamhchoitianta é ar chor ar bith. Ós rud é go bhfuil an haemacrómatóis ghéiniteach chomh leitheadach sin i measc na gciníocha Ceilteacha — na hÉireannaigh, na hAlbanaigh agus na Breatnaigh — is minic a thugtar an "mhalacht Cheilteach" uirthi. Tarlaíonn an haemacrómatóis ghéiniteach nuair a fhaigheann duine géin ar leith ón dá thuismitheoir, agus, mar thoradh air sin, coinníonn an corp an iomarca iarainn, rud a théann i bhfeidhm ar orgáin ríthábhachtacha amhail an croí, an t-ae agus an paincréas. Dá mbeadh scagthástáil leitheadach ann i dTuaisceart na hÉireann le hiompróirí an ghalair sin a aithint, d’fhéadfaí cur chuige láidir a fhorbairt le gabháil i ngleic leis an iomad fadbhanna sláinte a bhaineann leis an ghalar sin. Ach, mo léan, níl an scagthástail leitheadach ar na bacáin go fóill. Tá áthas orm a rá, áfach, gur furasta an galar sin a chóireáil, ar dea-scéala é do na daoine sin a bhfuil an galar ag cur orthu. Tá an galar ormsa fosta. Déantar féithligean, nó tarraingt fola, nuair is gá, a trí nó a ceathair de huaireanta sa bhliain de ghnáth, lena chinntiú go gcoinnítear leibhéil iarainn ar leibhéal sábháilte. Is féidir an fhuil a bhailíonn Seirbhís Fuilaistriúcháin Thuaisceart na hÉireann a athúsáid. Ar an drochuair, ní féidir sin a dhéanamh i gcás na ndaoine a théann faoi fhéithligean san ospidéal, nó níl áit stórála ag na hospidéil ná níl an gléas acu leis an fhuil dheonaithe a dháileadh. Meastar gur in iarthuaisceart na hÉireann — Tír Eoghain, Dún na nGall agus Doire — is mó agus is minice atá an haemacrómatóis ghéiniteach le fáil. Dá dheasca sin, tógadh fuil ó chuid mhór daoine in ospidéil nach raibh an cumas iontu an fhuil sin a choinneáil. Faoi láthair, déantar an fhuil sin a scriosadh i ndiaidh an fhéithligin. Sin an cheist a chuirim faoi bhráid an Tí. Le go mbíonn soláthar maith de tháirgí fola againn —.

Go raibh maith agat.

384 words. Text as published by the Northern Ireland Assembly.

Assessment

Awaiting analysis

This record has not been analysed yet. It is not counted in any total until it has been assessed.

Disagree with this assessment?

Classifications can be challenged. A person reviews every challenge, and any change is recorded publicly above with its reason.

Challenge this classification