Member's statement: Lá Domhanda um Cheartas Sóisialta

Member's statement by Mr Declan Kearney on .

MLA
Mr Declan Kearney
Party at the time
Sinn Féin
Date
18 February 2025
Type
Member's statement
Business
Members' Statements
Heading
Lá Domhanda um Cheartas Sóisialta
Assembly identifier
Official Report component 4806103

Text

Cuimhníonn an Lá Domhanda um Cheartas Sóisialta dúinn faoina thábhachtaí atá an tsíocháin dhomhanda, cearta an duine agus an dlí idirnáisiúnta. Ar an drochuair, tá na bunphrionsabail sin faoi ionsaí inniu ag fórsaí idirnáisiúnta atá sa tóir ar a leas impiriúil coilíneach féin. I ndomhan ilpholach an lae inniu, caithfidh tús áite a thabhairt don chómhaireachtáil shíochánta, don mheas ar an dlí idirnáisiúnta agus ar an taidhleoireacht. Tá traidisiún neodrachta agus neamh-chomhghuaillíochta ag Éirinn, rud a fhágann go bhfuil meas orainn go leitheadach as ról dearfach a imirt i ngnothaí domhanda. Tá iontaoibh ag daoine asainn agus sinn ag obair ar son neamh-iomadú núicléach, an iltaobhachais, agus chothú na síochána idirnáisiúnta. Caithfimid rún comhchoiteann a bheith againn domhan síochánta a chruthú, domhan atá bunaithe ar an cheartas shóisialta agus ar an chomhionnanas. Sin an fáth a gcaithfidh an neodracht fanacht mar bhunchloch de pholasaí eachtrach na hÉireann.

147 words. Text as published by the Northern Ireland Assembly.

Assessment

Awaiting analysis

This record has not been analysed yet. It is not counted in any total until it has been assessed.

Disagree with this assessment?

Classifications can be challenged. A person reviews every challenge, and any change is recorded publicly above with its reason.

Challenge this classification