Member's statement: Mná san Eolaíocht
Member's statement by Miss Nicola Brogan on .
- MLA
- Miss Nicola Brogan
- Party at the time
- Sinn Féin
- Date
- 24 February 2025
- Type
- Member's statement
- Business
- Members' Statements
- Heading
- Mná san Eolaíocht
- Assembly identifier
- Official Report component 4813402
Read the official Assembly record
Text
Rinneadh Lá Idirnáisiúnta na mBan agus na gCailíní san Eolaíocht a cheiliúradh ag tús na míosa. Is iomaí bean as an oileán seo a bhí, agus atá go fóill, ar thús cadhnaíochta san eolaíocht. Ach, ar an drochuair, is minic nach bhfuair na mná aitheantas mar ba cheart san am a chuaigh thart as an tsaothar eolaíochta a rinne siad. Mar shampla, is d’fhear céile Annie Russell Maunder a cuireadh síos an chuid ba thabhachtaí den obair a rinne sí agus is amhlaidh a fuair beirt fhear Duais Nobel na Fisice as obair a rinne Jocelyn Bell Burnell. Bíodh go bhfuil iarrachtaí á ndéanamh le 10 mbliana anuas le cothromas a bhaint amach do na mná san eolaíocht, is é rud a dhéantar leithcheal agus leatrom orthu ar fad. Tá bearna inscne ann go fóill i ngach aon réimse eolaíochta, teicneolaíochta, innealtóireachta agus matamaitice ar fud an domhain. Mar sin de, tá cúis bhróid againn go bhfuil eolaí mná as Contae Ard Mhacha ar thús cadhnaíochta arís agus í ag iarraidh an bhearna inscne úd a chúngú. Bhain Jocelyn Bell Burnell the Special Breakthrough Prize in Fundamental Physics 2018. Bhí 3 mhilliún dollar ag gabháil leis an duais sin. D’úsáid an tOllamh Bell Burnell an t-airgead sin uilig go léir le ciste a chur ar bun le cuidiú le mná a bheith ina dtaighdeoirí fisice. Tá obair go fóill le déanamh má tá teacht mar is ceart le bheith ag na mná ar an eolaíocht, ach ós rud é go bhfuil eiseamláirí amhail an tOllamh Bell Burnell, Niamh Shaw agus Lydia Lynch againn, sílim go bhfuil ábhar dóchais againn don am atá le teacht.
274 words. Text as published by the Northern Ireland Assembly.
Assessment
Awaiting analysis
This record has not been analysed yet. It is not counted in any total until it has been assessed.
Disagree with this assessment?
Classifications can be challenged. A person reviews every challenge, and any change is recorded publicly above with its reason.