Member's statement: Seachtain Mheabhairshláinte na bPáistí
Member's statement by Mr Maolíosa McHugh on .
- MLA
- Mr Maolíosa McHugh
- Party at the time
- Sinn Féin
- Date
- 3 February 2025
- Type
- Member's statement
- Business
- Members' Statements
- Heading
- Seachtain Mheabhairshláinte na bPáistí
- Assembly identifier
- Official Report component 4773602
Read the official Assembly record
Text
Is í an tseachtain seo Seachtain Mheabhairshláinte na bPáistí. Tugann sí sin deis dúinn sa tSeomra aird a tharraingt ar an ghníomh phráinneach atá de dhíth chun tacú le daoine óga a bhfuil fadhbanna meabhairshláinte ag caitheamh orthu. Mar is eol dúinn, tá easpa oibrithe meabhairshláinte cáilithe ann le freastal ar an éileamh ar sheirbhísí — éileamh atá ag ardú leis. Mar thoradh air sin, bíonn tréimhsí fada feithimh ann le haghaidh measúnú agus cóir a fháil dár ndaoine óga. Tá ardú suntasach tagtha ar fhadhbanna meabhairshláinte i measc páistí agus déagóirí. Le dul i ngleic leis sin, creideann Sinn Féin i gcur chuige i leith seirbhísí meabhairshláinte a chumtar leis an othar, atá dírithe ar an othar agus atá bunaithe ar chearta an pháiste. Ní mór do pháistí foghlaim faoi scileanna le deacrachtaí a fhreastal agus faoina thábhachtaí atá sé labhairt faoin mheabhairshláinte ar scoil agus sa bhaile. Tá sé tábhachtach fosta díriú ar thionchar na meán sóisialta le tuiscint a fháil ar an bhrú breise a bhíonn ar dhaoine óga i sochaí an lae inniu. Cuireann eagraíochtaí áitiúla éagsúla agus eagraíochtaí neamhbhrabúis cláir ar fáil atá dírithe ar fheasacht meabhairshláinte, ar thógáil acmhainneachta, agus ar thacaíocht do theaghlaigh. Mar sin féin, tá sé tábhachtach nach mbíonn páistí agus a muintir ag brath go hiomlán ar thacaíocht ón earnáil pobail agus dheonach. Ní mór do sheirbhísí meabhairshláinte do leanaí agus d'ógánaigh (CAMHS) freastal ar riachtanais mheabhairshláinte an pháiste aonair. Tá an idirghabháil agus an cosc luath ríthábhachtach, agus caithfidh teacht furasta a bheith ag gach duine ar sheirbhísí.
259 words. Text as published by the Northern Ireland Assembly.
Assessment
Awaiting analysis
This record has not been analysed yet. It is not counted in any total until it has been assessed.
Disagree with this assessment?
Classifications can be challenged. A person reviews every challenge, and any change is recorded publicly above with its reason.