Member's statement: Gaza: Sos Cogaidh
Member's statement by Mr Pat Sheehan on .
- MLA
- Mr Pat Sheehan
- Party at the time
- Sinn Féin
- Date
- 4 February 2025
- Type
- Member's statement
- Business
- Members' Statements
- Heading
- Gaza: Sos Cogaidh
- Assembly identifier
- Official Report component 4778939
Read the official Assembly record
Text
Ó fógraíodh an sos cogaidh in Gaza an 19 Eanáir, tá Iosrael ag cur lena chuid ionsaithe ar Phalaistínigh sa Bhruach Thiar, sin dar leis an ghrúpa Iosraelach ar son chearta an duine, B’Tselem. Is beag má bhí an sos cogaidh fógartha go raibh sráidbhailte, bailte móra agus gach cathair sa Bhruach Thiar faoi léigear ag arm Iosrael. An seanphort céanna arís, a Cheann Comhairle: Iosrael ag déanamh léigear ar Phalaistínigh agus ag cur isteach ar shaol an gháthPhalaistínigh, ach sa Bhruach Thiar an iarraidh seo. Níl scoláirí in ann dul ar scoil nó ar ollscoil; níl othair in ann cóir leighis a fháil; agus níl oibrithe in ann dul ar obair. Mar a deir an grúpa Iosraelach, B’Tselem: más sos cogaidh é, ní cosúil. Ní cosúil le sos cogaidh é, a Cheann Comhairle, nuair atá níos mó ná deichniúr Palaistíneach marbh ag arm Iosrael le coicís anuas agus Palaistínigh gafa ina scórtha ag arm Iosrael sa Bhruach Thiar. Tá arm Iosrael ar theann a ndíchill i gcoinne na bPalaistíneach ach, má tá féin, ní chuireann siad isteach ná amach ar na coilínigh atá i mbun foréigin sa Bhruach Thiar. Seasann siad siar de réir mar a théann na coilínigh ag ionsaí pobail Phalaistíneacha, ag iarraidh tithe a chur trí thine agus na daoine go fóill iontu, agus ag scriosadh carranna. Ó thosaigh an sos cogaidh, tá coilínigh ag cur staiceanna i mbéal bóithre ar fud an Bhruaigh Thiar go n-ionsaíonn siad Palaistínigh a bhíonn ag gabháil an bóthar. Dar le B’Tselem go bhfuil Iosrael ag teacht i dtír ar an sos cogaidh le cur leis an chos ar bolg atá siad a dhéanamh ar mhuintir na Palaistíne sa Bhruach Thiar. Ní sos cogaidh ach spré cogaidh sin, a Cheann Comhairle. Más léir don ghrúpa Iosraelach B’Tselem an méid sin, tá an t-am dearg ag an phobal idirnáisiúnta drochbhearta Iosrael a aithint agus a cháineadh.
315 words. Text as published by the Northern Ireland Assembly.
Assessment
Jev’s structured answers met the documented threshold for “not flagged”.
- Overall probability that the activity is being used to promote, exploit or escalate an identity-based controversy: 0.13 (flagging needs at least 0.70; at or below 0.30 is not flagged).
- None of the five culture-war criteria was met (each was below 0.60).
- No identity-based framing was identified (0.62).
- Subject area: Immigration, asylum, race, ethnicity and Travellers.
- The overall probability was at or below the not-flagging threshold.
This is an AI-generated assessment of the text, made against published criteria. It is not a finding of fact about the MLA or their intentions. The Assembly record itself is the fact.
Jev’s structured answers
| Question | Probability | Met? |
|---|---|---|
| Identity framing | 0.33 | No |
| Sectarian or communal antagonism | 0.10 | No |
| Cultural grievance politics | 0.02 | No |
| Dog-whistle messaging | 0.07 | No |
| Controversy escalation | 0.07 | No |
| Legitimate policy scrutiny | 0.50 | No |
| Overall judgement | 0.13 | At or below not-flagging threshold |
| Option | Probability |
|---|---|
| No identity-based framing (chosen) | 0.62 |
| Reports or questions it | 0.02 |
| Criticises or condemns it | 0.31 |
| Adopts it | 0.05 |
| Subject | Probability |
|---|---|
| Immigration, asylum, race, ethnicity and Travellers | 0.40 |
| Another identity-related subject | 0.28 |
| Sectarianism, hate crime and community relations | 0.14 |
| No identity-related subject | 0.13 |
| Religion and belief (including people of no religion), churches, faith communities and religious prejudice (including antisemitism and anti-Muslim prejudice) | 0.02 |
Assessed 21 October 2026 at 11:51 UTC by jev-1.13.0 (requested as typesafe/jev) under rubric 2026.10-r9, methodology 1.9.
Disagree with this assessment?
Classifications can be challenged. A person reads every challenge, and any change is recorded publicly above with its reason.